Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 8:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus d’éiriġ sé agus d’imṫiġ: agus féaċ, fear ó Étiópia, coillteánaċ réimeaṁail fá Ċandácé, bainríoġain na nÉtiópaċ, do ḃí i mbun a ciste go léir, ṫáinig sé go h‐Iarúsalem ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ann;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 D’éiriġ sé, agus d’imṫiġ. Agus féaċ, fear as an Eaṫaip, seanascal cuṁaċtaċ le Candace, bainríoġan na n-Eaṫapaċ, a raiḃ coiṁéad a maoine go h-uile air, ṫáinic sé go h-Ierusalem a ḋéanaṁ aḋarṫa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 D’eiriġ sé agus d’imṫiġ sé. Agus féaċ, ḃí fear ó Éṫiópia, coillteánaċ cóṁaċtaċ le ḃanríġin Éṫiópia, le Candacé, fear a ḃí os cionn a saiḋḃris go léir aici, agus ḃí sé tar éis teaċt go Ierúsalem ċun Dia d’aḋraḋ’;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agua ar néirġe ḋósan dimṫiġ sé roiṁe: Agus, féuċ, cailltéanaċ áiriġṫe ó Etíopia, duine cúṁaċdaċ ré Candáce bainríoġan na Heitíopia, noċ do ḃí ós cionn a hionnṁusa uile, táinic sé go Hiarusalém daḋraḋ Dé,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 8:27
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Éireoċaiḋ bainríoġan an deiscirt sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ an ġeinealaiġ so, agus daorfaiḋ sise é: óir ṫáinig sí ó ḟoirċeann an doṁain ċum éisteaċta le n‐eagna Ṡolaiṁ; agus féaċ, atá duine is mó na Solaṁ annso.


Agus do ḃí Gréagaiġ áiriṫe i measc na ndaoine do ċuaiḋ suas ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ sa ḃféile:


agus do ḃí sé ag filleaḋ ar ais agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ċarbad ag léiġeaḋ Ésáias fáiḋ.


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair fuair sé an ġairm, d’uṁluiġ sé agus d’imṫiġ sé amaċ go h‐áit do ḃí le fáġáil aige mar oiḋreaċt ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’imṫiġ sé amaċ, gan a ḟios aige cá raiḃ a ṫriall.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ