Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 7:60 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

60 Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

60 Agus ar na léigean féin ar a ġlúiniḃ ḋó, do éiġ sé do ġúṫ ṁór, A Ṫiġearna, na cuir an peacaḋsa na leiṫ. Agus ar na ráḋ so ḋó do ċodail sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 7:60
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do fosclaḋ na tuamaí; agus d’éiriġ mórán de ċorpaiḃ na naoṁ do ḃí n‐a gcodlaḋ;


aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus d’imṫiġ sé uaṫa timċeall faid urċair cloiċe; agus do‐ċuaiḋ sé ar a ġlúiniḃ agus do‐rinne sé guiḋe,


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


Taḃraiḋ beannaċt dóiḃ‐sean do‐ḃeir mallaċt daoiḃ, déanaiḋ guiḋe orṫa‐san do‐ġní tromaiḋeaċt oraiḃ.


Aduḃairt sé an méid sin: agus aduḃairt sé leo ’n‐a ḋiaiḋ sin, Atá ár gcara Lasarus ’n‐a ċodlaḋ; áċt atáim ag dul g‐á ḋúiseaċt.


Óir, nuair do ḃí a ṡeirḃís déanta ag Dáiḃí ’n‐a ġeinealaċ féin, do ċodail sé, agus do cuireaḋ é i ḃfoċair a ṡinnsear, agus do ċonnaic sé truailleaḋ;


Nuair do ḃí an méid sin ráiḋte aige, do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe i n‐éinḟeaċt leo go léir.


Agus nuair do ḃí an t‐am istiġ againn, d’imṫiġeamar róṁainn ar ár n‐aistear; agus ṫáinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtioḋlacaḋ, nó go raḃamar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair: agus ar ár nglúnaiḃ dúinn ar an gcladaċ, do ġuiḋeamar, agus d’ḟágamar slán ag a ċéile;


Aċt do ċuir Peadar iad go léir amaċ, agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe; agus ag iompoḋ ċum an ċuirp, aduḃairt sé, A Ṫabitá, éiriġ. Agus d’ḟoscail sí a súile; agus nuair do ċonnaic sí Peadar, d’éiriġ sí aniar.


Is ar an aḋḃar sin atá a lán tinn, lag ’n‐ḃur measc, agus atá mórán marḃ.


Mar an gcéadna na daoine atá tuitṫe fá ṡuan i gCríost, atá siad caillte.


Aċt anois atá Críost éiriġṫe ó na marḃaiḃ, is é céad‐toraḋ na ndaoine atá fá ṡuan é.


Féaċ, innisim diaṁar‐rún daoiḃ: Ní ċodlóċaimíd uile, aċt curfar malairt croṫa orainn;


don dáréag ’n‐a ḋiaiḋ sin; gur taiḋḃriġeaḋ é ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṫuilleaḋ agus cúig céad bráṫair i n‐éinḟeaċt, go ḃfuil an ċuid is mó aca ’n‐a mbeaṫaiḋ fós, aċt go ḃfuil cuid eile aca tuitṫe fá ṡuan.


fuair bás ar ár son, ċum go mairfimís beo i n‐éinḟeaċt leis, má’s ’n‐ár ndúiseaċt nó ’n‐ár gcodlaḋ ḋúinn.


Ag pléiḋe mo ċúise ḋom de’n ċéad uair níor ċuidiġ aoinneaċ liom, aċt do ṫréigeadar uile mé: nár agarṫar orṫa é.


g‐á ráḋ, Cá ḃfuil geallaṁain a ṫeaċta? óir ó’n tráṫ ’n‐a ḃfuair ár sinnsir bás, fanann an uile niḋ mar ḃí ó ċéad‐ċruṫú an doṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ