Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 7:58 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

58 agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

58 Agus ġaḃ siad do ċloċa i Steaṗán, agus é ag guiḋe agus ag ráḋ: A Ṫiġearna Íosa, glac ċugat mo spiorad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

58 Agus ġaḃdar do sna cloċaiḃ i Stioṗan agus é ag glaoḋa ar Ḋia, agus: A Ṫiġearna Íosa, glac ċuġat m’anam! adeireaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

58 Agus ar na ṫeilgean amaċ as an gcaṫraiġ ḋóiḃ, do ġaḃadar do ċloċaiḃ air: agus do ċuireadar na fiaḋnuisiġe a néuduiġe síos ag cosaiḃ ógánaiḋ áiriġe, dar ḃainm Saul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 7:58
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus d’éiriġeadar, agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do rugadar leo é go malaiḋ an ċnuic ar a raiḃ a gcaṫair suiḋte, d’ḟonn a ċaiṫeaṁ le fánaiḋ síos.


agus nuair do ḃí fuil Stiofáin, t’ḟiaḋnaiḋe, d’á doirteaḋ, do ḃíos‐sa im’ ṡeasaṁ i láṫair, ag aontaḋ leo, agus ag coiṁéad éadaiġe na ndaoine do ḃí g‐á ṁarḃaḋ.


Agus nuair do ḃíodar ag glaoḋaċ os árd, agus ag caiṫeaḋ a n‐éadaiġe ḋíoḃ, agus ag scaipeaḋ luaiṫriḋ san aer,


agus do‐rinneas géirleanaṁain go bás ar an Sliġe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún.


Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ.


Annsin ṫugadar isteaċ daoine áiriṫe, aduḃairt, Do‐ċualamar é ag laḃairt go diaṁasluiġṫeaċ i n‐aġaiḋ Ṁaoise agus i n‐aġaiḋ Dé.


agus do ċuireadar suas fiaḋnaiḋṫe bréagaċa, aduḃairt, Ní stadann an duine seo, aċt é i gcóṁnaiḋe ag laḃairt go masluiġṫeaċ i n‐aġaiḋ na h‐áite naoṁṫa so, agus i n‐aġaiḋ na dliġe.


Aċt do ġáireadar‐san amaċ i n‐árd a ngoṫa, agus do ḋúnadar a gcluasa agus ṫugadar ruaṫar faoi i n‐éinḟeaċt le ċéile,


Agus d’éiriġ géir‐leanṁain ṁór an lá sin i gcoinniḃ na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem; agus do scaipeaḋ iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Ṡamária, aċt aṁáin na h‐abstail.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ