Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 7:57 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

57 Aċt do ġáireadar‐san amaċ i n‐árd a ngoṫa, agus do ḋúnadar a gcluasa agus ṫugadar ruaṫar faoi i n‐éinḟeaċt le ċéile,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

57 Agus ġá teilgean amaċ as an ċaṫáir dóiḃ, ġaḃ siad do ċloċa ann: agus ċuir na fiaḋnaisiġ a gcuid éaḋaiġ síos ag cosa óigḟir darḃ ainm Saul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

57 Agus do ċomáineadar amaċ as an gcaṫair é agus ġaḃdar do sna cloċaiḃ ann, agus ċuir na fínniṫe a mbraiṫ ag cosaiḃ fir óig ar a dtugtí Saul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

57 Do ġáireadarsan annsin do ġúṫ ṁór, agus do stopádar a gclúasa, agus do ṡaiṫeadar déuntoil airsion,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 7:57
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Rug na h‐Iúdaiġ ar an ḃfear so, agus do ḃíodar ar tí a ċur ċum báis, nuair ṫángas‐sa orṫa i n‐éinḟeaċt leis na saiġdiúiriḃ, agus nuair ṫuigeas gur Róṁánaċ é, do ṫógas slán uaṫa é.


Ag éisteaċt dóiḃ‐sean leis na briaṫraiḃ sin, d’éiriġ colg ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ agus do ḃíodar ag gioscán a ḃfiacal ċuige.


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ