Gníoṁarṫa 7:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)26 Agus, an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig sé orṫa agus iad ag troid le ċéile, agus b’áil leis síoṫċáin do ḋéanaṁ eadorṫa, g‐á ráḋ, A ḟeara, is bráiṫreaċa siḃ; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ éagcóra ar a ċéile? အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)26 Agus an lá ina diaiḋ sin, ṫaisbeán sé é féin dóiḃ, agus iad i n-aċrann le n-a ċéile: agus ḃí sé ag déanaṁ síoṫċána eatorṫa, ag ráḋ: A ḟeara, is bráiṫre siḃ, cad ċuige a ndéan siḃ doċar dá ċéile? အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)26 lán n-a ṁáireaċ a ḃí ċúġainn ṫáinig sé orṫa agus iad ag troid, agus ḋein sé caradas agus síoṫċáin eatarṫa, agus duḃairt sé: A ḟeara, is bráiṫre siḃ; cad ċuige ḋaoiḃ a ċéile ġortú? အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)26 Agus an lá na ḋíaiġ sin ar mbeiṫ ḋóiḃ ag coṁrac do ṫaisbéin sé é féin dóiḃ, agus do ḃí sé déanaṁ síoṫċana eatorra, ag ráḋ, A ḋáoine, as dearḃraiṫreaċa da ċéile siḃ; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a ċéile? အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |