Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 7:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 agus do ċeap sé gur ṫuig a ḃráiṫreaċa go raiḃ Dia g‐á ḃfuasclaḋ tré n‐a láiṁ‐sean; aċt níor ṫuigeadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus ṁeas sé gur ṫuig a ḃráiṫre go dtaḃarfaḋ Dia fuasclaḋ dóiḃ tré n-a láiṁ-sean: aċt níor ṫuig siad-san sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus do ṁeas sé go dtuigfeaḋ a ḃráiṫre go dtaḃarfaḋ Dia tré n-a láim féin, fuasgailt dóiḃ, aċ níor ṫuigeadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Oír do ṁéas sé go dtuigfidís a ḋearḃráiṫreaċa go dtiuḃraḋ Día fúasglaḋ tré na láiṁsion dóiḃ: giḋeaḋ níor ṫuid siadsan sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 7:25
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte seo, agus do ḃí eagla orṫa a ċeistiú.


Agus níor ṫuigeadar‐san rud ar biṫ de’n méid sin; agus do ceileaḋ briġ na cainnte orṫa, agus níor léir ḋóiḃ an méid aduḃraḋ.


Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte sin, agus do ḃí sí fá ċeilt orṫa, ionnas naċ n‐aireoċaidís í: agus do b’eagal leo ceist do ċur air i dtaoḃ na cainnte sin.


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


Agus ar ṡroiċeaḋ Iarúsalem dóiḃ, d’ḟáiltiġ an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gaċ a ndearna Dia tríoṫa.


Agus tar éis diospóireaċta fada, d’éiriġ Peadar ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leo, A ḃráiṫreaċa, is eol daoiḃ go ndearna Dia toġaḋ eadraiḃ, tamall maiṫ ó ṡoin, gur as mo ḃéal‐sa do‐ċluinfeaḋ na Cineaḋaċa briaṫar an tsois céil agus go gcreidfidís.


Agus nuair do ḃí beannuiġṫe aige ḋóiḃ, d’innis sé ḋóiḃ i ndiaiḋ a ċéile gaċ a ndearna Dia i measc na gCineaḋaċ de ḃárr a ṡeirḃíse.


Agus nuair ċonnaic sé duine aca agus éagcóir d’á déanaṁ air, do ċosain sé é, agus do‐rinne sé díoġaltas ar son an té go ndearnaḋ an éagcóir air, ag bualaḋ an Éigiptiġ:


Agus, an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig sé orṫa agus iad ag troid le ċéile, agus b’áil leis síoṫċáin do ḋéanaṁ eadorṫa, g‐á ráḋ, A ḟeara, is bráiṫreaċa siḃ; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ éagcóra ar a ċéile?


Óir ní leoṁfad laḃairt aċt ar na neiṫiḃ do‐rinne Críost ṫríom‐sa, ċum na Cineaḋaiġ do ḋéanaṁ uṁal, le briaṫraiḃ agus le gníoṁarṫaiḃ, tré ċumas mór‐ċóṁarṫaí agus iongantaisí,


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ