Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 6:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus daoine áiriṫe de’n tsineagóig, dá ngoirtear sineagóg na Saoirsineaċ, agus na gCuiréineaċ, agus ṁuinntir Ċaṫair Alastair, agus de’n ṁuinntir a ḃí ó Ċilicia agus ó’n Aisia, d’éiriġ siad a ḋíospóireaċt le Steaṗán:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ansan d’eiriġ daoine áiriṫe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneaċ agus na gCurénéaċ agus na n-Alecsandríneaċ agus na ndaoine a ṫáinig ó Ċilicla agus ó Ásia, agus ḃíodar ag aragóint le Stioṗan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus déirġeadar súas dream áiriġe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertiniġ, agus na Cirenianaċ, agus luċd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbóraċd lé Steaṗán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 6:9
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;


D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


Agus ag dul amaċ ḋóiḃ fuaradar duine ó Ċuréné darḃ ainm Síomón: do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ airsean dul i n‐éinḟeaċt leo, agus an ċroċ d’iomċar dó.


Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.


Aċt do ḃí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair ṫáinig siad go h‐Antuaiġ, do laḃair siad leis na Gréagaċaiḃ féin, ag innsint soiscéil an Tiġearna Íosa.


Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.


Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.


agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte:


Agus do ċuaiḋ sé tré Ṡiria agus tré Ċilicia, ag neartú na n‐eaglais.


Agus do ċuadar tré ċríċ Frigia agus Ġalácia, an Spiorad Naoṁ g‐á gcosc ar an mbriaṫar do laḃairt san Áise;


Agus ṫáinig go h‐Eiféis Iúdaċ aṁáin darḃ ainm Apollós, Alecsandríneaċ, fear an‐léiġeanta, agus eolas mór ar na scrioptúiriḃ aige.


Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.


Agus do‐ċí siḃ, agus do‐ċluin siḃ go ḃfuil a lán mór daoine iompuiġṫe ag an bPól so, ní h‐é aṁáin i nEiféis, aċt ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á ráḋ naċ déiṫe ar ċor ar biṫ na déiṫe do‐ġnítear le láṁaiḃ:


Agus nuair do ḃí na seaċt laeṫe beagnaċ críoċnuiġṫe, na h‐Iúdaiġ ó’n Áise, nuair do ċonnacadar san teampall é, do ġríosadar an rluaġ, agus do ċuireadar láṁa air,


Aċt aduḃairt Pól, Is Iúdaċ mé, as Társús Ċilicia, caṫruiġṫeoir caṫraċ naċ suaraċ; iarraim ort a leigin dom laḃairt leis an bpobal.


Agus aduḃras, A Ṫiġearna, is maiṫ is eol dóiḃ féin go mbínn‐se ag cur gaċ duine do ċreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseaḋ ins gaċ sionagóig:


Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:


Agus nuair ḃí an litir léiġte aige, d’ḟiafruiġ sé cia an ṗroiḃinnse arḃ as é; agus nuair do ṫuig sé gurḃ as Cilicia ḋó,


agus fuaradar mé glanta san teampall gan sluaġ, gan toirmeasc:


Agus ṫugas pionós go minic dóiḃ ins na sionagógaiḃ go léir, agus do‐rinneas iarraċt fá ḋia‐ṁaslaḋ do ḃaint asta; agus leis an dearg‐ḃuile do ḃí orm ’n‐a gcoinniḃ, do‐rinneas géirleanaṁain orṫa go dtí na caṫraċa coigríoċa.


Agus do ṡáruiġ orṫa cur i gcoinniḃ na h‐eagna agus i gcoinniḃ an Spioraid le n‐ar laḃair sé.


Cá ḃfuil an t‐eagnaiḋe? cá ḃfuil an scríoḃaiḋe? cá ḃfuil fear iomarḃáġa an tsaoġail seo? Naċ ḃfuil díṫ‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoġail seo?


’N‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig mé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṡiria agus Ċilicia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ