Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 6:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 do ċuireadar iad sin i láṫair na n‐abstal: agus, tar éis dóiḃ guiḋe do ḋéanaṁ, do ċuireadar a láṁa orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Ċuir siad iad seo i láṫair na n-Abstal: agus ag guiḋe dóḃṫasan, leig siad a láṁa orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ṫugadar na fir sin i láṫair na n-Aspol, agus ḋein na n-Aspoil úrnuiġṫe ḋċiḃ agus ċuireadar a láṁa orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Do ċuireadar íad so a ḃfíaḋnuise na nabsdal: agus ar ndéunaṁ urnuiġe ḋóiḃsean, do ċuireadar a láṁa orrṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 6:6
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus aduḃairt sé leis i n‐aṫċuinġeaċaiḃ, Aṫa m’inġean ḃeag i rioċtaiḃ báis: impiġim ort teaċt agus do láṁ do ċur uirṫi, ċum go leiġeasfaiḋe í, agus go mairfeaḋ sí.


Agus do ġuiḋeadar, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, ṫuigeas croiḋeaċa na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n ḃeirt seo is roġa leat,


Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.


Agus nuair do ċuir Pól a láṁa orṫa, ṫáinig an Spiorad Naoṁ orṫa; agus do laḃradar as teangṫaċaiḃ, agus do‐rinneadar tarngaireaċt.


Annsin do ċuireadar a láṁa orṫa, agus do ġlacadar an Spiorad Naoṁ.


agus do ċonnaic sé fear dar ab ainm Ananias ag teaċt isteaċ, agus ag cur a láṁ air, ċum go ḃfaiġeaḋ sé a raḋarc.


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


Ná leag láṁa go h‐obann ar aoinneaċ, agus ná bí páirteaċ i bpeacaiḋiḃ daoine eile: congḃuiġ ṫú féin glan.


Is ar an aḋḃar sin ċuirim i gcuiṁin duit an taḃartas ó Ḋia atá ionnat tré leagaḋ mo láṁ‐sa, d’aṫḃrostú.


agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ