Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 5:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

40 Agus nuair a ġoir siad na h-Abstail ċuca, agus ṫug siad sciúrsáil dóíḃ, ċros siad orṫa laḃairt ar ċor ar biṫ i n-ainm Íosa, agus scaoil siad ċun siuḃail iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Ansan do ġlaoḋadar isteaċ na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus duḃradar leó gan laḃairt i n-aon ċor i n-ainim Íosa. Ansan do ċuireadar ċun siuḃail iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Agus do áontuiġeadar ḋo: agus ar ngairm na nabsdal dóiḃ, agus ar ngaḃáil orṫa, tugadar fogra ḋóiḃ gan laḃairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úaṫa íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 5:40
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;


agus do‐ḃéarfaid do na Geintiḃ é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasaḋ: agus, an treas lá éireoċaiḋ sé arís.


D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Agus sa tséasúr do ċuir sé searḃónta ċum na scológ, go dtiuḃraidís cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt dó: aċt do ġaḃadar air, agus do ċuireadar uaṫa folaṁ é.


D’órduiġeamar daoiḃ go cruinn gan teagasc do ḋéanaṁ san ainm sin: agus féaċ, atá Iarúsalem líonta de ḃúr dteagasc agaiḃ, agus atá siḃ ag iarraiḋ fuil an duine sin do ṫarraing orainne.


Fuaras ḋá ḟiċid buille, aċt ceann aṁáin, cúig uaire ó na h‐Iúdaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ