Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 5:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do ṫagaḋ sluaġ as na caṫraċaiḃ do ḃí timċeall Iarúsalem, ag taḃairt na n‐oṫar, agus na ndaoine do ḃí cráiḋte ag spioraidiḃ neaṁ‐ġlana; agus do leiġeastaiḋe iad go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus ċruinniġeaḋ mórán go h-Ierusalem fosta as caṫraċa na coṁarsanaċta, agus iad ag iomċar daoine breoiḋte, agus daoine a ḃíoḋ dá gcráḋaḋ ag spioraid neaṁġlana: agus leiġeastaí iad uilig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus ḃioḋ slóiġte ag teaċt go Ierúsalem as na caṫraċaiḃ sa ċóṁarsanáċt agus daoine breóite acu ’á ṫaḃairt leó, agus daoine a ḃíoḋ dá gcráḋ ag deaṁnaiḃ, agus do leiġistí iad go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus do ṫígdís morán a gceann a ċéile as na caiṫreaċaiḃ timċeall go Hiárusalem, ag taḃairt ḋáoine éagcrúaiḋe, agus búaiḋearṫa ó spioradaiḃ neaṁġlana ríu; noċ do slánuiġṫi uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 5:16
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin, nuair do ċonnaic Ioruaṫ gur ṁeall na draoiṫe é, do bí sé le cúṫaċ, agus do ċuir sé amaċ scriosairí, agus do ṁarḃ sé a raiḃ de ċlannṁac ḋá ḃliaḋain nó fá n‐a ḃun i mBeiṫil agus san dúṫaiġ do ḃain léi, de réir an ama d’innis na draoiṫe ḋó.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, tugaḋ ċuige a lán daoine i n‐a raiḃ deaṁain: agus do ċaiṫ sé amaċ na spioraide le n‐a ḟocal, agus do leiġeas sé na daoine do ḃí breoite:


Agus ṫarla, go raiḃ sé lá ag teagasc; agus go raiḃ ’n‐a suiḋe ann Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe a ṫáinig ó gaċ baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do ḃí cuṁaċt an Tiġearna aige ċum slánuiġṫe.


agus do leiġeasaḋ iad‐san do ḃí d’á gciapaḋ ag spioraidiḃ neaṁ‐ġlana.


Aċt ar n‐a ḟeicsin sin do’n sluaġ, do leanadar é: agus d’ḟáiltiġ sé rómpa, agus do laḃair sé leo i dtaoḃ ríoġaċta Dé, agus do leiġeas sé iad‐san ag a raiḃ gáḃaḋ leis.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa.


ionnas go n‐iomċraidís na daoine breoite amaċ ar na sráidiḃ, agus ċuiridís ar leabṫaċaiḃ agus ar ṫoċtaiḃ iad, le súil, ag dul ṫart do Ṗeadar, go dtuitfeaḋ a scáil féin ar ḋuine aca.


Aċt d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart, agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair (aicme na Saddúicíneaċ), agus iad lán d’éad,


do ḋuine eile creideaṁ tríd an Spiorad céadna; do ḋuine eile buaiḋ an leiġis tríd an Spiorad céadna;


Adṁuiġiḋ ḃur bpeacaiḋe d’á ċéile, d’á ḃriġ sin, agus guiḋiḋ ar son a ċéile, ċum go leiġeasfar siḃ. Is mór an éifeaċt atá i n‐urnaiġe ḋúṫraċtaiġ ó ḟear fíréan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ