Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 5:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 agus ba ṁó do ḃí na daoine do ċreid san Tiġearna, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ, ag dul i méid;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ċuaiḋ líon na ḃfear agus na mban a ċreid san Tiġearna ní ba ṁó i méid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus ḃí na daoine a ċreid sa Tiġearna, fir agus mná, ag dul i n-iomadaṁlaċt go mór,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aċd is móide do ṁéidaiġ an úiṁir ḟear agus ḃan, do ċreid don Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 5:14
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

óir fear maiṫ ab eaḋ é, agus do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ agus de ċreideaṁ: agus ba ṁór an méid daoine tugaḋ ċum an Tiġearna.


Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam.


ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.


agus do‐rinneas géirleanaṁain go bás ar an Sliġe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún.


Aċt do ċreid a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar; agus do ṁéaduiġ uiṁir na ndaoine go tuairim cúig míle.


Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.


Aċt nuair do ċreideadar Pilib agus é ag craoḃscaoileaḋ i dtaoḃ ríoġaċta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteaḋ iad, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ.


Aċt do ḃí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteaċ ins gaċ aon tiġ, ag tarraing fear agus ban amaċ agus g‐á gcur i bpríosún.


agus d’iarr sé air liṫreaċa do ṫaḃairt dó ċum na sionagóg i nDamascus, ċum, dá ḃfaiġeaḋ sé aon duine, fear nó bean de’n tSliġe seo, go dtiuḃraḋ sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem.


Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.


Agus do ċonnaic siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i Lidda agus i Sáróna é, agus d’iompuiġeadar ċum an Tiġearna.


Agus do luaḋaḋ é ar feaḋ Ioppé ar fad: agus do ḃí mórán do ċreid san Tiġearna.


Agus cia an ċóṁaontú atá ag Críost le Bélial? nó cia an ċuid atá ag an duine ċreideas agus ag an duine naċ gcreideann le ċéile?


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ