Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 5:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do ḃí a lán míorḃal agus iongantas d’á ndéanaṁ tré láṁaiḃ na n‐abstal i measc an ṗobail; agus do ḃídis uile d’aon toil i bpóirse Ṡolaiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus is iomḋa míorḃail agus iongantas a rinneaḋ tré láṁa na n-Abstal imease na ndaoine. Agus ḃíoḋ siad uilig d’aon toil i bpóirse Ṡalomoin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ḃí mírḃúiltí agus iongnaí móra d’á ndéanaṁ ameasg na ndaoine tré láṁaiḃ na n-Aspol. Agus ḃídís go léir, do ṫoil a ċéile, i bpóirse Ṡalomóin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do niṫí mórán do ċoṁarṫaḋaiḃ agus do ṁíorḃailiḃ, tré láṁuiḃ na nabsdal a measg an ṗobail; agus do ḃídis uile déantoil a bpóirse Ṡolaiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 5:12
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċraoḃscaoileadar ins gaċ uile áit, an Tiġearna ag cóṁoibriú leo, agus ag neartú an ḃriaṫair leis na cóṁarṫaiḃ do lean é.


agus ḃí Íosa ag siuḃal sa teampall i bpóirse Ṡolaiṁ.


Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ.


Do ḃíodar uile ag leanaṁain de ṫoil a ċéile i n‐urnaiġe, mar aon leis na mnáiḃ, agus le Muire máṫair Íosa, agus le n‐a ḃráiṫreaċaiḃ.


Aċt d’ḟanadar tamall fada annsin ag laḃairt go dána i muiniġin an Tiġearna, ṫug fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrása, agus míorḃailtí agus iongantais d’á ndéanaṁ d’á ḋeoin tré n‐a láṁaiḃ.


Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.


Agus do‐rinne Dia míorḃailtí éagsaṁlaċa tré láṁaiḃ Ṗóil:


Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe,


Agus nuair do‐rinneaḋ sin ṫáinig a raiḃ de ḋaoiniḃ tinne ar an oileán, agus do leiġeasaḋ iad:


Agus do ġreamuiġ sé de Ṗeadar agus d’Eoin, agus do riṫ na daoine go léir ċuca san ṗóirse ar a dtugtar Póirse Ṡolaiṁ, agus iongnaḋ orṫa.


dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa.


Agus fuair sé annsin duine darḃ ainm Aenéas, d’ḟan ’n‐a leabaiḋ ar feaḋ oċt mbliaḋan, agus pairilis air.


Aċt do ċuir Peadar iad go léir amaċ, agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe; agus ag iompoḋ ċum an ċuirp, aduḃairt sé, A Ṫabitá, éiriġ. Agus d’ḟoscail sí a súile; agus nuair do ċonnaic sí Peadar, d’éiriġ sí aniar.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Do rinneaḋ cóṁarṫaí abstail ’n‐ḃur measc le mór‐ḟoiġid, le míorḃailtiḃ, le h‐iongantaisiḃ agus le mór‐ċuṁaċtaiḃ.


Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ