Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 4:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus nuair a ḃí an urnaiġe déanta acu, craiṫeaḋ an áit ina raiḃ siad bailiġṫe: agus líonaḋ leis an Spiorad Naoṁ iad uilig, agus laḃair siad ḃriaṫar Dé le misneaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus nuair a ḃí an ġuíḋe déanta acu do ċriṫ an áit ’na raḃdar cruinniġṫe agus do líonaḋ leis an Spioraid Naoṁ iad go léir agus do laḃradar briaṫar Dé le seasaṁaċt aigne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus ar ndéunaṁ úrnuiġe ḋóiḃ, do ċríoṫnuiġe a náit a raḃadar a ḃfoċair a ċéile; agus do líonaḋ íad uile don Spiorad Náoṁ, agus do láḃradar bríaṫar Dé maille ré dánaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 4:31
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é.


Aċt d’ḟanadar tamall fada annsin ag laḃairt go dána i muiniġin an Tiġearna, ṫug fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrása, agus míorḃailtí agus iongantais d’á ndéanaṁ d’á ḋeoin tré n‐a láṁaiḃ.


Agus nuair ṫáinig lá Cingcíse, do ḃíodar uile i n‐éinḟeaċt ar aon láṫair.


Agus ṫáinig go h‐obann torann ó neaṁ mar ḃéaḋ cuaifeaċ gaoiṫe aintréine ann, agus do líon sé an teaċ ’n‐a raḃadar ’n‐a suiḋe.


Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.


Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa.


Agus anois, a Ṫiġearna, féaċ ar a mbagairt: agus taḃair dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ do ḃriaṫar do laḃairt fo meisneaṁail,


agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ.


do réir mar tá súil agus dóċas mór agam naċ gcurfar náire orm fá rud ar biṫ, aċt anois, mar ḃí ariaṁ, go nglóireoċar Críost im’ ċolainn le lán‐dearḃṫaċt, má’s lem’ ḃeaṫaiḋ, nó lem’ ḃás é.


Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ