Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 4:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus tar a éis dóiḃ‐sean bagairt orṫa arís, do scaoileadar iad, mar ní raiḃ a ḟios aca cionnas ċuirfidís pionós orṫa, mar ġeall ar na daoiniḃ; óir ḃí na daoine go léir ag taḃairt na glóire do Ḋia ar son a dtárla.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Aċt i ndiaiḋ bagairt a ḋéanaṁ, leig siad ar ṡiuḃal iad: mar naċ ḃfuair siad sliġe ċun pionós a ċur orṫa mar ġeall ar an ṗobal, óir ḃí gaċ aoinneaċ ag molaḋ an níḋ a rinneaḋ san níḋ a ṫárla.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Aċ do ḃagradar-san pionós orṫa agus ċuireadar ċun siuḃail iad, óir ní raiḃ ḟios acu conus a déanfaidís díoltas orṫa, mar ġeall ar na daoine, mar ḃí na daoine go léir ag molad an ruda a ṫárla, sa méid a deineaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ar ndéanaṁ bagair ḋoiḃsean, do léigeadar úaṫa íad, mar naċ ḃfúaradar sliġe ar biṫ ċum pionúis do ṫaḃairt dóiḃ, ar son an ṗobail: oír ṫugadar uile glóir do Ḋía ar son a neiṫe do rinneaḋ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 4:21
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do leiġeas sé iad: i dtreo go raiḃ iongnaḋ ar an sluaġ, nuair do ċonnacadar na balḃáin ag laḃairt, agus na mairtíniġ slán, agus na daoine bacaċa ag siuḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ: agus ṫugadar molaḋ do Ḋia Israeil.


Agus nuair ṡanntuiġeadar greim d’ḟáġáil air, do ḃí eagla orṫa roiṁ na daoiniḃ, óir do ṁeasadar‐san gurḃ ḟáiḋ é.


Aċt aduḃradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireoċaḋ toirmeasc i measc an tsluaiġ.


Agus nuair do cuireaḋ amaċ an deaṁan, do laḃair an balḃán: agus do‐rinne na sluaiġte iongnaḋ ḋe, agus deiridís, Ní facṫas a leiṫéid sin riaṁ i nIsrael.


Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.


Agus nuair aduḃairt sé na neiṫe sin, do ċuir sé náire orṫa‐san do ḃí ’n‐a aġaiḋ: agus do ḃí an‐áṫas ar an sluaġ de ḃárr na neiṫe glórṁar go léir do ḃí aige d’á ndéanaṁ.


Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus uaċtaráin na sagart ag iarraiḋ greim láiṁe d’ḟáġáil air an t‐am sin féin; agus do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir ba léir ḋóiḃ gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin.


Cad ċuige nár ċreideaḃar é? Aċt má déarfaimíd, Ó ḋaoiniḃ; gaḃfaiḋ na daoine go léir de ċloċaiḃ orainn: óir is dearḃ leo gurḃ ḟáiḋ Eoin.


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag iarraiḋ cionnas ċuirfidís ċum báis é; óir do ḃí eagla na ndaoine orṫa.


Agus ṫáinig uaṫḃás ar ċáċ, agus do ḃíodar ag molaḋ Dé; agus do ḃíodar lán d’eagla, g‐á ráḋ, Do ċonnacamar neiṫe iongantaċa indiu.


Aċt ar eagla go leaṫnóċaiḋ sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís orṫa, gan leigin dóiḃ laḃairt a ṫuilleaḋ le h‐aon duine san ainm sin.


Óir an duine go ndearnaḋ an ṁíorḃail sláinte úd dó, do ḃí sé tuilleaḋ agus dá ḟiċid bliaḋan d’aois.


Aċt níor láṁ aoinneaċ de na daoiniḃ eile dul i bpáirt leo: aċt ba ṁór an meas do ḃí ag an bpobal orṫa;


Annsin d’imṫiġ an ceannṗort i n‐éinḟeaċt leis na h‐oifigeaċaiḃ, agus ṫug sé leis iad, gan aon éigean; óir do ḃí eagla an ṗobail orṫa, go ngaḃfaiḋe de ċloċaiḃ orṫa.


Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ