Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 4:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Ná ní ḟuil slánuġaḋ i neaċ ar biṫ eile. Óir ní ḟuil ainm ar biṫ eile faoi neaṁ tugṫa do ḋaoine, le n-ar éigean sinn a ṡlánuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Óir níor tugad do ḋaoine ainim eile fá neaṁ le ’na gcaiṫfar sinn a ṡáḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus ní ḃfuil slánuġaḋ a neaċ air biṫ eile: oír ní ḃfuil ainm ar biṫ eile fáoi neaṁ ar na ṫaḃairt do ḋáoiniḃ, lér ab éidir sinne ṡlánuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 4:12
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Béarfaiḋ sí mac, agus do‐ḃéarfaiḋ tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóċaiḋ sé a ṗobal ó n‐a bpeacaiḋiḃ.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


A ḃráiṫreaċa, a ċlann de ṡlioċt Abraċaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is dúinne do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo.


Agus do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIarúsalem Iúdaiġ, daoine diaḋa as gaċ críċ fá’n spéir.


Óir ní ḟéadann aon duine bun ar biṫ do ċur aċt an bun atá curṫa ċeana, is é sin Íosa Críost.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ