Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 3:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Óir aduḃairt Maois, Tógfaiḋ an Tiġearna Dia fáiḋ ḋaoiḃ, mar mise, as lár ḃúr mbráiṫreaċ; éistfiḋ siḃ leisean maidir leis an uile niḋ adéarfas sé liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Óir duḃairt Maoise: Tógfaiḋ bur dTiġearna Dia suas fáiḋ de ḃur mbráiṫre díḃ, mar mise: éistfiḋ siḃ leis-sean i ngaċ uile níḋ dá laḃarfaiḋ sé liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Óir duḃairt Maois: Tógfaiḋ an Tiġearna, ḃúr nDia, fáiḋ ċúġaiḃ, duine d’ḃúr mbráiṫriḃ féin mas mise, éistfiḋ siḃ leis ins gaċ ’níḋ, pé rud a laḃarfáid sé liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Oír a duḃairt Máoise ris na haiṫreaċuiḃ, Toigéuḃaiḋ ḃur Dtiġearna Día fáiḋ súas díḃ dá ḃur ndearḃraiṫreaċaiḃ féin, mar misi; éisdfiḋ siḃ ris sna huile neiṫíḃ laiḃeórus sé riḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 3:22
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Aċt ċeana caiṫfead ḃeiṫ ag gluaiseaċt róṁam indiu, agus amáraċ agus arḃu amáraċ: óir ní féidir go ḃfaiġeaḋ fáiḋ bás taoḃ amuiġ de Iarúsalem.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine:


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Ṫáinig mé mar ṡolas ar an saoġal, ionnas cibé ċreideas ionnam, naċ ḃfanfaḋ sé sa dorċaċt.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige.


Is é an Maois sin aduḃairt le clainn Israel, Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ mar mise ḋaoiḃ as lár ḃúr mbráiṫreaċ.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


gur leo na h‐aiṫreaċa, agus gur uaṫa‐san do ṡíolruiġ Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile niḋ, Dia beannuiġṫe go deo. Amén.


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ