Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 3:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 an té gur dual do na flaiṫeasaiḃ a ġlacaḋ go dtí na tráṫa ’n‐a n‐aiseagfar gaċ éinniḋ, mar do laḃair Dia ’n‐a ṫaoḃ tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus a gcaiṫfiḋ neaṁ a ġaḃáil ċuice leoga, go dtí an t-am nuair a ḋéanfar na h-uile neiṫe d’aṫnuaḋaḋ, mar a duḃáirt Dia tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa ó ṫús an tsaoġail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 An t-é ’nar dual na flaṫais ’ġá ġlacaḋ go dtí teaċt na dtráṫ ’na gcurfar gaċ níḋ ’n-a rioċt féin airís, mar a laḃair Dia tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa ó ṫusaċ an tsaoġail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Dár ab éigin do neaṁ a ġaḃáil go teaċd daimsearaċaiḃ aiseagṫa na nuile neiṫeann, noċ do laḃair Día tré ḃéul a uile ḟáiġeaḋ náoṁṫa ó ṫús an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 3:21
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

(Fá mar laḃair sé tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an doṁain),


A ḟeara Galiléanaċa, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ ag aṁarc ar spéir neiṁe? an t‐Íosa so, atá tógṫa suas uaiḃ isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma ċéadna agus ċonnaic siḃ é ag dul suas ar neaṁ.


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


agus ċum go gcuirfiḋ sé uaiḋ an Críost do ceapaḋ ḋaoiḃ, Íosa:


le súil go saorfar gaċ ar cruṫuiġeaḋ ó ḃraiġdeanas na truailleaċta ċum saoirse glóire maicne Dé.


Is iomḋa moḋ agus sliġe ’n‐ar laḃair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaiḃ tré na fáiḋiḃ,


Óir ní ḋe ḋeoin an duine féin ṫáinig aon tarngaire ariaṁ: aċt is aṁlaiḋ do laḃair daoine do cuireaḋ ó Ḋia, agus an Spiorad Naoṁ g‐á ngluaiseaċt.


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ