Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 3:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Ar an aḋḃar sin, déanaigiḋ aiṫriġe, agus tionntuiġigiḋ, ċun go scriostar amaċ ḃur bpeacaiḋe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Déiniḋ aiṫríġe dá ḃríġ sin, agus iompuiġiḋ, ionus go mbuailfí amaċ ḃúr bpeacaí,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Ar a naḋḃarsin déunaiḋ aiṫriġe, agus filliḋ, ionnus go sgriosfuiḋe ḃur bpeacaiḋ, a núair ṫiocfus aimsir a nfúaraiḋ ó ḟíadnuise an Tiġearna;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 3:19
73 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir atá croiḋe an ṗobail seo dúr, Agus cluineann siad agus boḋaire ’n‐a gcluasaiḃ, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ.


Agus iompóċaiḋ sé mórán de ċlainn Israel ċum an Tiġearna, a nDia.


Aċt do ṡéan seisean é, g‐á ráḋ, A ḃean, ní ḟuil aon aiṫne agam air.


Agus, ar mbeiṫ ḋóiḃ i ḃfoċair a ċéile, d’fiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiuḃraiḋ tú an ríoġaċt ar ais d’Israel?


Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus do ḃí láṁ an Tiġearna leo: agus do ḃí cuid ṁór díoḃ‐san do ċreid agus d’iompuiġ ċum an Tiġearna.


D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.


agus do‐rinne sé ó aon duine aṁáin an cineaḋ daonna uile, ċum ḃeiṫ ’n‐a gcóṁnaiḋe ar uaċtar na talṁan, agus do ċeap sé ḋóiḃ a dtréiṁse agus a dteoranta;


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


Óir d’éiriġ croiḋe an ṗobail seo cruaiḋ, Agus atá boḋaire ar a gcluasaiḃ Agus atá a súile dúnta; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a geluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe, Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


agus ċum go gcuirfiḋ sé uaiḋ an Críost do ceapaḋ ḋaoiḃ, Íosa:


an té gur dual do na flaiṫeasaiḃ a ġlacaḋ go dtí na tráṫa ’n‐a n‐aiseagfar gaċ éinniḋ, mar do laḃair Dia ’n‐a ṫaoḃ tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail.


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


nuair ṫiocfas sé ċum glóir d’ḟáġáil ’n‐a naoṁaiḃ, agus ċum ḃeiṫ mar aḋḃar iongantais ag luċt an ċreidiṁ an lá sin (ó creideaḋ ár ḃfiaḋnaise ḋaoiḃ).


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


lán d’ḟoiḋne, ag ceartú na ndaoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ le ceannsaċt, le súil go dtiuḃrfaiḋe Ḋia ḋóiḃ, am ar biṫ, aiṫriġe do ḋéanaṁ ċum eolas d’ḟáġáil ar an ḃfírinne,


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Óir do ḃí siḃ mar ċaoiriġ ag dul ar fán; aċt anois atá siḃ fillte ċum Aoḋaire agus ċum Easpuig ḃur n‐anmann.


Aċt atá rud aṁáin ann, a ċáirde, gur ceart daoiḃ cuiṁneaṁ air, is é sin gur cuma leis an Tiġearna lá aṁáin nó míle bliaḋain, agus míle bliaḋain nó lá aṁáin.


agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ