Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 3:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt ṁarḃ siḃ uġdar na beaṫa, agus ṫóg Dia ó ṁarḃaiḃ arís é, rud ar a ḃfuil sinne i n-ár ḃfiaḋnaisiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus ċuireaḃair ċun ḃáis úġdar na beaṫa; aċ do ṫóg Dia ó sna mairḃ é, agus is fínniṫe sinne ar an níḋ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Aċd do ṁarḃaḃair Uġdar na beaṫa, noċ do ḋúisiġ Día ó ṁarḃaiḃ; agá ḃfuilmídne ar ḃfíaḋnuisiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 3:15
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is fiaḋnaisí siḃ‐se ar na neiṫiḃ sin.


Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa.


agus do‐ḃeirim an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ; agus ní caillfear iad go deoiḋ, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Dá mb’ eol duit taḃartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á ráḋ leat, Taḃair ḋom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐ḃéarfaḋ sé uisce beo ḋuit.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Óir fá mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma ċéadna ṫug sé do’n Ṁac beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin:


ag tosnú ó ḃaisteaḋ Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógaḋ suas uainn é, caiṫfiḋ duine aca ḃeiṫ ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar a aiséirġe.


aċt d’aiṫḃeoḋuiġ Dia é, tar a éis dó pianta an ḃáis do scaoileaḋ: óir níorḃ ḟéidir go gcongḃóċaḋ an bás é.


Ba é an t‐Íosa so do ṫóg Dia suas, agus is fiaḋnaiḋṫe sinne uile air.


agus mío‐ṡásaṁ mór orṫa toisc iad ḃeiṫ ag teagasc na ndaoine, agus ag craoḃscaoileaḋ an aiséirġe ó na marḃaiḃ i bpearsain Íosa.


D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel.


Mar atá scríoḃṫa, An ċéad duine, Áḋaṁ, ba anam beo é go dtugaḋ an ḃeaṫa ḋó; an tÁḋaṁ deireannaċ, is é do‐ḃeir an ḃeaṫa uaiḋ.


nuair do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, agus do ċuir sé ’n‐a ṡuiḋe é ar a láiṁ ḋeis féin ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Óir ba ċuiḃe do’n té, gur dó atá an uile niḋ, agus gur tríd atá an uile niḋ, ag taḃairt móráin clainne ċum glóire ḋó, príoṁ‐uġdar a slánuiġṫe d’ḟoirḃiú tré n‐ar ḟulaing sé.


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Agus aduḃairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosaċ agus an deireaḋ. Do’n té go ḃfuil tart air do‐ḃéarfad le n’ól de ṫobar uisce na beaṫaḋ i n‐aisce ḋó.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ