Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 3:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Ṫug Dia Abrahaim, agus Dia Isaaic, agus Dia lacóib, agus Dia ár n-aiṫreaċ, glóir dá Ṁac Íosa, a ndearna siḃ-se a ṫaḃairt suas, agus a ṡéanaḋ ós cóṁair Ṗioláit, nuair a ṫug seisean a ḃreiṫ gur ċóir é leigin saor.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a ṫug glóire d’á Ṁac Íosa, an té a ḋeineaḃairse a ḃraṫ agus do ṡéanad i láṫair Ṗíláit, agus eisean ag taḃairt saorḃreiṫe air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naiṫreaċne, do ġlóruiġe sé a Ṁac féin Iósa; noċ do ḃraiṫeaḃairse, agus do ṡéunaḃair a ḃfíaḋnuisi Ṗíolaid, an tan rug sé do ḃreiṫ a sgáoileaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 3:13
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


agus do‐ḃéarfaid do na Geintiḃ é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasaḋ: agus, an treas lá éireoċaiḋ sé arís.


mar adeir sé, Is mise Dia Abraċaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib? Ní h‐é Dia na marḃ é, aċt Dia na mbeo.


agus do ċeangladar é, agus ṫugadar suas do Ṗíoláid an riaġaltóir é.


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Aċt do spreag uaċtaráin na sagart an pobal go n‐iarrfaidís air Barabbas do scaoileaḋ saor ċuca.


Aċt do ṡéan seisean é, g‐á ráḋ, A ḃean, ní ḟuil aon aiṫne agam air.


Agus aduḃairt Píoláid le h‐uaċtaránaiḃ na sagart, Ní ḟaiġim aon loċt sa duine seo.


Agus ná beiriḋ breiṫ, agus ní béarfar breiṫ oraiḃ: agus ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ:


Níor ṫuig a ḋeisceabail na neiṫe sin ar dtús: aċt nuair do ḃí Íosa glóiriġṫe, annsin do ċuiṁniġeadar ar a raiḃ scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, agus go ndearnadar na neiṫe sin dó.


Annsin do liúġadar uile go léir amaċ arís, Ná scaoil saor an duine seo, aċt Barabbas. Agus biṫeaṁnaċ ab eaḋ Barabbas.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.


Annsin do ḃí fonn ar Ṗíoláid Íosa do ṡaoraḋ: aċt do liúġ na h‐Iúdaiġ, g‐á ráḋ, Má ṡaorann tú an duine sin, ní cara le Céasar ṫú: gaċ duine do‐ġní rí ḋe féin, is ag cur i gcoinniḃ Ċéasair atá sé.


Agus aduḃairt sé leis na h‐Iúdaċaiḃ, Sin é ḃúr Rí! Aċt do liúġadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croċ é! Aduḃairt Píoláid leo, An aṁlaiḋ ċroċfad ḃúr Rí? D’ḟreagair na h‐árd‐ṡagairt, Ní ḟuil aon rí againn aċt Céasar.


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


Agus aduḃairt sé, Do ċeap Dia ár sinnsear ṫú ċum a ṫoile do ṫuigsin, agus ċum an Aoin Ionnraic d’ḟeicsin, agus ċum glóir a ḃéil do ċlos.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal?


Ċugaiḃ‐se ar dtús do ċuir Dia a Ṡeirḃíseaċ, nuair ṫóg sé suas é, ċum siḃ do ḃeannú, ag iompoḋ gaċ duine agaiḃ ó n‐ḃúr gcuirpṫeaċt.


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa.


Is mise Dia do ṡinnsear, Dia Abraċaim agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. Agus do ḃí Maois ar crioṫ, agus níor láṁ sé féaċain.


gur leo na h‐aiṫreaċa, agus gur uaṫa‐san do ṡíolruiġ Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile niḋ, Dia beannuiġṫe go deo. Amén.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ