Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ġá ḟeiceáil sin do Ṗeadar, d’ḟreagair sé na daoine: A ḟeara Israéil, cad ċuige a ndéan siḃ iongantas de seo, nó cad ċuige a stánann siḃ orainne, aṁail agus dá mba le n-ár gcuṁaċt nó le n-ár neart féin a ṫugamar ar an duine seo siuḃal?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus do ċonnaic Peadar iad agus d’ḟreagair sé an poḃul: A ḟeara Israéil, cad ab aíl liḃ ag déanaṁ iongna ḋe seo, ná ag féaċaint orainne ċóṁ maiṫ agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcóṁaċt féin a ċuirfimís an duine seo ag siuḃal?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus ar na ḟaicsin sin do Ṗeadar, do ḟreagair sé don ṗobal; A ḟeara Israél, créd fá ḃfuil iongnaḋ aguiḃ ann so? nó créd fá ḃfuiltí ag sírḟéaċuin oruinne, aṁuil as gur tré ar gcúṁaċdaiḃ féin nó tré ar náoṁṫaċd do ṫugamar air an ḃfearso siúḃal?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 3:12
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


A ḃráiṫreaċa, a ċlann de ṡlioċt Abraċaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is dúinne do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Agus do ġreamuiġ sé de Ṗeadar agus d’Eoin, agus do riṫ na daoine go léir ċuca san ṗóirse ar a dtugtar Póirse Ṡolaiṁ, agus iongnaḋ orṫa.


Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor.


Adeirim d’á ḃriġ sin, Ar ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal? Nár leigiḋ Dia é. Óir is Israelíteaċ mé féin, duine de ṡlioċt Abraċaim, de ṫreiḃ Ḃeniamín.


Israelítiġ, gur leo an uċtcaċt, agus an ġlóir, agus na connarṫa, agus an dliġe, agus aḋraḋ Dé, agus na geallaṁnaċa;


ní h‐é gur féidir linn éinniḋ d’áireaṁ mar ḃéaḋ uainn féin; aċt is ó Ḋia ṫig ár gcumas;


Agus d’ḟreagair duine de na seanóiriḃ, g‐á ráḋ liom, Cia h‐iad so go ḃfuil na róbaí geala orṫa, agus cad as a dtáinig siad?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ