Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 28:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt ba ṁian linn fios scéil d’ḟáġáil uait i dtaoḃ a gcreideann tú: óir, i dtaoḃ na h‐aicme seo, is eol dúinn go ḃfuiltear ag cainnt ’n‐a coinniḃ ins gaċ áit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ba ṁaiṫ linn do ḃaraṁail a ċluinstin uait: oir i dtaca leis an aicme seo de, tá a ḟios againn go ḃfuilṫear ag cur ina h-aġaiḋ san uile áit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Aċ iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóiġ leat; óir i dtaoḃ na h-aicme seo, is eól dúinn go ḃfuil-cear ag gaḃáil ’n-a gcoinniḃ ins gaċ aon ḃall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd buḋ mían rinn a ċlos uáit na neiṫe ḃreaṫnuiġeas tú: oír do ṫáoḃ a nuirsde, is aiṫniġ ḋúinn do dticṫear na aġaiḋ sa nuile áit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 28:22
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ḃeannuiġ Simeon iad, agus aduḃairt sé le Muire, a ṁáṫair, Féaċ, atá sé seo ceapṫa ċum leagṫa agus ċum aiséiriġṫe móráin i nIsrael, agus ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁarṫa go gcuirfear ’n‐a aġaiḋ;


Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe d’aicme na ḃFairisíneaċ go raiḃ an creideaṁ aca, g‐á ráḋ, Ní foláir iad do ṫimċeall‐ġearraḋ, agus a ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa reaċt Ṁaoise do ċoiṁéad.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Is eol dóiḃ ó ṫús, dá mba ṁaiṫ leo a ḋeiṁniú, gur ṁaireas im’ Ḟairisíneaċ de réir riaġlaċ na h‐aicme is mó díriġeaċt ’n‐ár gcreideaṁ.


Aċt d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart, agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair (aicme na Saddúicíneaċ), agus iad lán d’éad,


Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.


Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ