Gníoṁarṫa 28:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)17 Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ, အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)17 Agus i gcionn ṫrí lá ġoir sé na príoṁ-Iúdaiġ i gcionn a ċéile. Agus ar ḃeiṫ cruinniġṫe i gcionn a ċéile dóiḃ, duḃairt sé leo: A ḟeara agus a ḃráiṫre, ġiḋ naċ ndearna mise rud ar biṫ i n-agaiḋ an ṗobail, ná i n-aġaiḋ ġnas ár n-aiṫreaċ, tugaḋ mé ceangailte ó Ierusalem ar láiṁ do na Róṁánaiġ, အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)17 Ansan, tar éis an tríṁad lae, do ġlaoiḋ sé ċuige maiṫe na nIúdaċ. Nuair a ṫánadar i ḃfoċair a ċéile duḃairt sé leó: A ḟeara, a ḃráiṫre, do tugaḋ mise gaḃṫa, ó Ierúsalem, i láṁaiḃ na Róṁánaċ, agus gan aon níḋ agam ’á ḋeanaṁ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sínsear. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)17 Agus tárla, a gcionn ṫrí lá na ḋiáiġ sin, gur ġoir Pól úaisle na Niúdaiġeaḋ a gceann a ċéile: agus ar gcruinniuġaḋ ḋóiḃ, a duḃairt sé ríu. A ḟeara agus a ḃraiṫreaċa, bíoḋ náċ dearna misi éinní a naġaiḋ an ṗobail, ná ġnáṫnaiġe na sinnsear, giḋeaḋ tugaḋ mé ceangailte ó Ierusalém a láṁaiḃ na Róṁanaċ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |