Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 28:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus nuair fuaradar na bráiṫreaċa tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, ṫángadar as sin ag fáiltiú róṁainn ċóṁ fada le Margaḋ Appiuis, agus Na Trí Táḃairní: agus nuair ċonnaic Pól iad ṫug sé buiḋeaċas do Ḋia, agus do ġlac sé meisneaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus nuair a ċuala na ḃráiṫre fá dtaoiḃ dínn, ṫáinic siad amaċ as sin i n-ár n-airicis go margaḋ Appiuis agus na Trí Taḃairní. Agus nuair a ċonnaic Pól iad, ṫug sé altuġaḋ do Ḋia, agus ġlac sé misneaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus as san, nuair airiġ na bráiṫre é, do ċruinníġdar ċúġainn go Forum Appiuis agus ċun na dTrí dTaḃairne, agus nuair a ċonnaic Pól iaḋ ṫug se buiḋċas do Ḋia agus ṫáinig misneaċ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus as sin ar ḃfaġáil ar sgéul do na braiṫriḃ, tangadar do ṫeagṁáil dúinn go margaḋ Appius, agus gus na trí táiḃeirniḃ: agus ar na ḃfaicsin do Ṗól, rug sé buiḋeaċus ré Día, agus do ġaḃ sé meisneaċ ċuige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 28:15
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

do ṫógadar géaga de na pailmiḃ, agus do ġluaiseadar amaċ ’n‐a airċis, agus do ġlaoḋadar amaċ, Hósanna: is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna, Rí Israel.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Annsin do ġlaoḋ sé isteaċ iad agus ṫug sé aoiġeaċt dóiḃ. Agus d’éiriġ sé lá ar n‐a ḃáraċ agus d’imṫiġ sé amaċ i n‐éinḟeaċt leo, agus cuid de na bráiṫriḃ ó Ioppé ’n‐a gcuideaċtain.


Agus ṫárla, ag dul isteaċ do Ṗeadar, go ndeaċaiḋ Cornélius ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó ag a ċosaiḃ, ag déanaṁ onóra dó.


Agus do‐ċuala na h‐abstail agus na bráiṫre do ḃí i nIúdaea go ḃfuair na Cineaḋaiġ féin briaṫar Dé.


Agus aduḃairt an Spiorad liom dul i n‐éinḟeaċt leo gan aon ċeist ḃeiṫ orm. Agus ṫáinig an seisear bráṫar so ’n‐ár gcuideaċtain; agus do ċuaḋamar isteaċ i dtiġ an ḟir:


Aċt do ḃagair sé le n‐a láiṁ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas ṫug an Tiġearna amaċ as an bpríosún é. Agus aduḃairt sé, Innisiḋ na neiṫe seo do Ṡéamas agus do na bráiṫreaċaiḃ. Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit eile.


Agus nuair do ḃí an t‐am istiġ againn, d’imṫiġeamar róṁainn ar ár n‐aistear; agus ṫáinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtioḋlacaḋ, nó go raḃamar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair: agus ar ár nglúnaiḃ dúinn ar an gcladaċ, do ġuiḋeamar, agus d’ḟágamar slán ag a ċéile;


Fuaramar bráiṫreaċa annsin, agus d’iarradar orainn fanaṁain aca seaċtṁain: agus annsin ṫángamar go dtí an Róiṁ.


nuair ḃéiḋead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go ḃfeicfead ar an mbealaċ dom siḃ, agus go seolfaiḋ siḃ ar aġaiḋ mé, tar a éis dom mo ṡásaṁ le tamall ’n‐ḃur gcuideaċtain) —


Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.


agus an niḋ im’ ċolainn do ḃí mar ċaṫú oraiḃ, ní ṫug siḃ tarcuisne ná gráin dó; aċt do ġlac siḃ liom mar aingeal Dé, mar Íosa Críost féin.


d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, fuaramar sólás ’n‐ḃur dtaoḃ i lár ár n‐aṁgair agus ár mbuaiḋearṫa uile:


áiriṫe aoiḋeaċt d’aingliḃ gan a ḟios dóiḃ féin. Cuiṁniġiḋ ar na priosúnaċaiḃ, fá mar ḃéaḋ siḃ ceangailte i n‐éinḟeaċt leo; ar na daoiniḃ atá ag fáġáil íosbairte, fá mar tá siḃ féin i rioċt corporḋa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ