Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 27:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus tar éis loingseoireaċt ṁall do ḋéanaṁ ar feaḋ mórán laeṫe, ṫángamar ar éigean ar aġaiḋ Ċníduis, agus, ó ḃí an ġaoṫ ’g‐ár gcosc, do ṡeolamar ar scáṫ na Créite, láiṁ le Salmóné;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus nuair a ḃíomar ag seolaḋ go mall ar feaḋ mórán laeṫe, agus ṫáiniceamar ar éigean ós coinne Ġniduis, óir níor leig an ġaoṫ dúinn, ṡeolamar taoḃ le Salmon i n-aice leis an Ċréid:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ansan ḃíomair ag gluaiseaċt go ríġin ar feaċ mórán laeṫanta teaċt aċ ar aġaiḃ Ċniduis, mar ḃí an ġaoṫ ’ġár gcosg, agus ṡeólamair i gcóṁgar do Ċréta, láṁ lé Salmóné.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus ar mbeiṫ ḋúinn morán do laeṫiḃ ag séolaḋ go mall, agus ar dteaċd dúinn ar éigin as coṁair Ċníduis, do ḃríġ nar leig an ġáoṫ ḋúinn, do ṡéolamar a ngar do Ċréta, láiṁ ré Salmóne;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 27:7
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Créitiġ agus Arábaiġ, do‐ċluinimíd iad ag laḃairt ’n‐ár dteangṫaċaiḃ féin ar iongantaisiḃ móra Dé.


Agus ó ḃíodar i ḃfad gan biaḋ do ċaiṫeaṁ, d’éiriġ Pól ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a lár, agus aduḃairt, A ḟeara, ba ċeart daoiḃ éisteaċt liom‐sa, gan imṫeaċt ó’n gCréit, agus an díoġḃáil agus an ċaill seo do ṡeaċaint.


Agus ag imṫeaċt dúinn ó’n áit sin, do ṡeolamar ar scáṫ Ċupruis, mar ḃí an ġaoṫ ’n‐ár gcoinniḃ.


Aduḃairt duine d’á gcuid féin, fáiḋ leo féin, Is bréagairí na Créitiġ i gcóṁnaiḋe, droċ‐ainṁiḋṫe, craosairí díoṁaoine.


Is é seo an fáṫ gur ḟágas san Ċréit ṫu, ċum go gcuirfeá i dtreo na neiṫe do ḃí gan déanaṁ, agus ċum seanóirí d’órdú ins gaċ caṫair; fá mar d’órduiġeas duit:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ