Gníoṁarṫa 27:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)41 Aċt, ag tuitim i n‐áit ’n‐a raiḃ ḋá ḟairrge ag bualaḋ le ċéile, do ṡáṫadar an long san talaṁ; agus do daingniġeaḋ tosaċ na luinge, aċt do ṫosnuiġ a deireaḋ g‐á ḃriseaḋ le tréantuargan na dtonn. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)41 Agus ar ṫeaċt dúinn go h-áit ina raiḃ ḋá ḟairrge ag bualaḋ ar a ċéile, riṫ siad an long fá ṫalaṁ: agus ċuaiḋ an toiseaċ i ḃfastóḋ leoga, agus d’ḟan sé gan ċorruġaḋ: aċt briseaḋ an deireaḋ le neart na fairrge. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)41 Do ṫuiteamair isteaċ i n-áit a ḃí idir ḋá ḟaraige agus do buaileaḋ an lonġ uim ṫalaṁ i dtreó go raiḃ a tusaċ daingean agus gur ḃris neart na faraige a deire. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)41 Agus ar dteagṁáil a nionad ḋóiḃ ionar ḃuáil dá ḟáirrge fá ċéile, do ḃuáileadar an lung fá ṫalaṁ; agus ar ndaingniuġaḋ do ṫosaċ na luinge, dfan sí gan ċorruġaḋ, agus do sgaoileaḋ a deireaḋ ó ċéile ré haiṁneart na dtonn. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |