Gníoṁarṫa 27:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 Agus de ḃriġ naċ raiḃ an cuan oireaṁnaċ leis an ngeiṁreaḋ do ċaiṫeaṁ ann, ba í an ċóṁairle ar ar ċinn a ḃfurṁór, imṫeaċt as ċum fairrge, le súil go ḃféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, ṡíneas siar ó ḋeas agus siar ó ṫuaiḋ, do ḃaint amaċ, agus an geiṁreaḋ do ċaiṫeaṁ ann. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)12 Agus de ḃríġ nár ċuid é a ḃí fóirstineaċ le geiṁreaḋ a ċaiṫéaṁ ann, ċóṁairliġ an ċuid ba ṁó seolaḋ as sin, agus dá mb’ḟéidir dóiḃ ar ċor ar biṫ é, dul agus an geiṁreaḋ a ċaiṫeaṁ i bPeinic, cuan san Ċréid a ḃfuil a aġaiḋ siar ó ḋeas agus siar ó ṫuaiḋ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)12 Agus toisg gan an cuan san a ḃeiṫ oireaṁnaċ go maiṫ ċun an ġeiṁriḋ a ċaiṫeaṁ ann do ċóṁairliġ an ċuid ba ṁó ḋíoḃ imṫeaċt as agus féaċaint an ḃféadfaidís dul agus an geiṁreaḋ ċaiṫeaṁ i ḃFoenícé, cuan de ċuantaiḃ Ċréta atá ag féaċaint siar ó ḋeas agus siar ó ṫuaiḋ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)12 Agus ar mbeiṫ don ċúan neaṁġaraṁail aca re hanṁuin ann sa ġeiṁreaḋ, do rinniḋ a norṁór do ċoṁairle sgaóileaḋ as, dféuċain an ḃféudfaidis air éanċor teaċd go Ṗenice, ċum an ġeiṁriḋ do ċaiṫeaṁ ann; cúan do ċúantuiḃ Ċrétá, atá ar na ṡuiḋuiġaḋ a níardndeas agus a níardtuáiḋ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |