Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 27:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus nuair a ḃí sé socair go seolfaḋ sé ċun na h-Iodáile, agus go dtaḃarfaiḋe Pól mar aon le príosúnaiġ eile do ċeanntúir, darḃainm Iúl, a ḃí ós cionn na buiḋne, dá ngoirtí buiḋean Auguist,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan, do socaruiġeaḋ ar ḋul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Ṗól agus na príosúnaiġ eile ṫaḃairt ar láim do ṫaoiseaċ céad dár ḃ’ainim Iúlius, de ḃuíḋin Augustuis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar ttaḃairt breaṫa ḋóiḃ go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráiġde áiriġe eile, do ċaiptin ḃanna Agustus, dár ḃainm Iúlius.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 27:1
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so.


Agus do ḃí seirḃíseaċ ceanntúra áiriṫe, fear do b’ionṁain le n‐a ṁáiġistir, do ḃí sé breoite agus i rioċtaiḃ báis.


Do ḃí fear darḃ ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuiḋin Iodáiliġ, mar tugaḋ uirṫi, fear cráiḃṫeaċ,


Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait.


Agus nuair do ċonnaic sé an aisling, do ċeapamar ar an láṫair imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, agus a ḋeiṁin againn gur ġlaoḋ Dia orainn an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ḋóiḃ ann.


Agus fuair sé Iúdaċ áiriṫe annsin darḃ ainm Aculas, fear rugaḋ i bPontus, ṫáinig tamall roiṁe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a ḃainċéile Priscilla, de ḃriġ gur órduiġ Claudius do na h‐Iúdaċaiḃ go léir imṫeaċt ó’n Róiṁ:


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Agus ṫug sé leis ar an láṫair saiġdiúirí agus ceanntúirí, agus do riṫ sé síos ċuca: agus nuair do ċonnacadar‐san an t‐árdċaiptín agus na saiġdiúirí, do scuireadar de ḃeiṫ ag bualaḋ Ṗóil.


Nuair do‐ċuala an ceanntúir sin, do ċuaiḋ sé ċum an árd‐ċaiptín, agus d’innis sé ḋó é, g‐á ráḋ, Créad é sin ṁeasas tú do ḋéanaṁ? Fear Róṁánaċ is eaḋ an duine sin.


Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.


Agus do ġlaoḋ Pól duine de na ceanntúiriḃ ċuige, agus aduḃairt sé, Beir leat an buaċaill seo ċum an árd‐ċaiptín: óir atá niḋ aige le n’innsin dó.


Agus d’órduiġ sé do’n ċeanntúir a ċoiṁéad, agus roinnt saoirse do ṫaḃairt dó: gan aon duine d’á ċáirdiḃ do ċosc ar ṡócaṁal do ḋéanaṁ ḋó.


Annsin d’ḟreagair Féstus, tar éis toil na h‐árdċóṁairle do ġlacaḋ, Do ċuiris do ċoimirce ar Ċéasar: ċum Ċéasair raċas tú.


Aċt ní ḟuaras coir ar biṫ ann do ṫuill bás; agus ó ċuir sé é féin fá ċoimirce an impire, do ṡocruiġeas ar a ċur ċuige.


Aċt ba ṫúisce d’éist an ceanntúir le stiúrṫóir agus le máiġistir na luinge ’ná le Pól.


Aċt do ḃí a ḟonn ar an gceanntúir Pól do ṡáḃáil, agus ní leigfeaḋ sé ḋóiḃ é, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ‐sean go raiḃ snáṁ aca a gcaiṫeaṁ amaċ ar dtús agus an tír do ḃaint amaċ:


Fuais an ceanntúir annsin long ó Alecsandria do ḃí ag dul go dtí an Iodáil; agus do ċuir sé ar bórd uirṫi sinn.


Agus nuair do ḃíomar slán, sáḃáilte, do ḃí a ḟios againn gur Melité do b’ainm do’n oileán.


Agus ar ṡroiċint na Róiṁe ḋúinn, tugaḋ cead do Ṗól fanaṁain leis féin i n‐éinḟeaċt leis an saiġdiúir do ḃí mar ġárda air.


Beannuiġiḋ d’ḃur dtreoruiġṫiḃ uile, agus do na naoṁaiḃ go léir. Beannuiġeann bráiṫre na hIodáile ḋaoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ