Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus tá súil ag ár ndá ṫreiḃ ḋéag leis, agus iad ag déanaṁ seirḃíse lá agus oiḋċe. Agus is fá’n dóċas sin, a rí, atá na h-Iúdaiġ ag cur i mo leiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 An ġeallaṁaint sin go ḃfuil an dá ṫreiḃ déag againn, atá ann, ag déanaṁ réir Dé do ló agus d’oiḋċe, ag braṫ ar í ḋ’ḟagáil. Isí an ṁainiġin sin atá ag na Iúdaíġ ’á ċur am leiṫ-se, a rí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ré a ḃfuil súil ag ar nda ṫreiḃ ḋéugne, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋía do ló agus dóiḋċe go gnáṫaċ. Is do ṫáoḃ an dóṫċais sin, a rí Agrippa, eiliġid na Iúdaiġe misi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:7
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Agus féaċ, do ḃí i nIarúsalem fear darḃ ainm Simeon; agus do ḃí an fear so fíréanta, diaḋa, agus é ag súil le sólás Israel: agus do ḃí an Spiorad Naoṁ air.


ċum go n‐íosfaiḋ agus go n‐ólfaiḋ siḃ ar mo ḃórd‐sa im’ ríoġaċt; agus go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr suiḋe ar riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


agus go ḃfuil muiniġin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaiḋ aiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁ‐ḟíréan.


Measaim gur maiṫ an ḃail orm, a rí Agrippa, go ḃfuil orm mo ċosaint féin id’ láṫair indiu ar na neiṫiḃ go léir atá curṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ im’ leiṫ:


go h‐áiriṫe go ḃfuil lán‐eolas agat ar gaċ gnáṫ‐nós agus ar gaċ ceist ḃaineas leis na h‐Iúdaċaiḃ: uime sin impiḋim ort éisteaċt go foiġdeaċ liom.


Ar an aḋḃar sin ṫugas cuireaḋ ḋaoiḃ go ḃfeicfeaḋ siḃ mé agus go laḃarfainn‐se liḃ: óir is ar son dóċais Israel atáim ceangailte leis an slaḃraḋ so.


le súil go n‐éireoċaḋ liom, ar ċor ar biṫ, an aiséirġe ó na marḃaiḃ do roċtain.


ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.


Bean atá ’n‐a baintreaḃaiġ dá ríriḃ, agus í fágṫa ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muiniġin as Dia, agus leanann sí d’aṫċuinġeaċaiḃ agus d’urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló.


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ