Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus duḃairt Pól: Is í mo ṁian i nDia ní aṁáin ṫusa, aċt fosta a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, a ḃeiṫ san ḃeag agus san ṁór mar atá mise, aċt aṁáin ins na geiṁleaċa seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus duḃairt Pól: Go dtugaid Dia ḋom, ’n-a ḃeag a’s ’n-a ṁór, ní h-aṁáin tusa aċ gaċ a ḃfuil de ḋaoiniḃ anso ag éisteaċt liom d’iompáil ar an gcuma san agus iad a ḃeiṫ mar me féin, aċ gan na slaḃraí seo ḃeiṫ orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus a duḃairt Pól, Do bfearr leam go ḃfaġuinn daṫċuinge ó Ḋía, ní hé aṁáin ṫusa, aċd mar an gcéudna an ṁéid éisdeas riom aniu, ḃeiṫ go híomlán, cosṁail ríom féin, aċd na geiṁleaċasa aṁáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:29
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ní ó ḋuine do‐ġeiḃim‐se fiaḋnaise: aċt adeirim an méid seo ċum go saorfar siḃ‐se.


Agus nuair do ḃí Ioruaṫ ar tí é do ṫaḃairt amaċ, an oiḋċe ċéadna sin ḃí Peadar ’n‐a ċodlaḋ idir ḃeirt saiġdiúir, é ceangailte le ḋá ṡlaḃraḋ: agus ḃí gárdaí taoḃ amuiġ de’n doras ag coiṁéad an ṗríosúin.


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


Agus mar d’ḟanadar annsin mórán laeṫe, d’innis Féstus cúis Ṗóil do’n rí, g‐á ráḋ, Atá fear annso d’ḟág Féilics ’n‐a ṗríosúnaċ:


A ḃráiṫre, is é roġa mo ċroiḋe, agus is é mo ġuiḋe ċum Dé ar a son‐san go slánóċar iad.


Atá ḃur sáiṫ agaiḃ ċeana, atá siḃ saiḋḃir ċeana, atá siḃ suiḋte i gcoróin ċeana gan fanaṁain linn; agus go deiṁin dob’ ḟearr liom siḃ ḃeiṫ suiḋte i gcoróin, ċum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinḟeaċt liḃ.


Is é rud dob’ ḟearr liom an uile ḋuine ḃeiṫ mar táim féin. Cia ar biṫ é, atá a ḃronntanas féin ó Ḋia ag gaċ duine, ag duine aṁáin ar an gcuma so, ar an gcuma úd ag duine eile.


Ba ṁian liom go ḃféadfaḋ siḃ beagán diṫ‐céille d’ḟulang uaim: aċt ċeana atá siḃ ag fulang liom.


go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ