Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt, ó fuaras an ċaḃair ṫagas ó Ḋia, táim im’ ṡeasaṁ go dtí an lá so, ag taḃairt fiaḋnaise do ḃeag agus do ṁór, gan rud ar biṫ a ráḋ aċt an méid aduḃairt na fáiḋe agus Maois do ḃeiṫ le teaċt;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt tré ḟaġáil ċaḃarṫa ó Ḋia, seasuiġim go dtí an lá atá indiu ann ag taḃairt ḟiaḋnaise do’n ḃeag agus do’n ṁór, agus gan dadaṁ dá ráḋ agam aċt na neiṫe sin ar ḋuḃairt na fáiḋe agus Maoise go raiḃ siad le ṫeaċt,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Aċ do ċaḃruiġ congnaṁ Dé liom agus táim am ṡeasaṁ go dtí an lá indiu, ag déanaṁ fiaḋnuise do ḃeag a’s do ṁór, gan aon rud do rád lasmuiġ de sna neiṫiḃ aduḃairt na fáiḋe a ḃí le teaċt agus Maois,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Giḋeaḋ tug Día coḃáir ḋaṁ, agus do ṡeas mé gus a niu, ag déunaṁ fíaḋnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a ráḋ ḋaṁ aċd na neiṫe a duḃradar na fáiḋe agus Maóisi do ḃeiṫ ċum teaċda:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:22
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá Mac an Duine ag imṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr‐de an fear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.


go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.


Agus ag tosnú ḋó le Maois agus leis na fáiḋiḃ, do ṁíniġ sé ḋóiḃ gaċ a raiḃ ins na scrioptúiriḃ ’n‐a ṫaoḃ féin.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


agus aduḃairt sé leo, Is aṁlaiḋ atá scríoḃṫa gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus aiséirġe ó na marḃaiḃ an treas lá;


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ.


Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


Óir dá gcreideaḋ siḃ Maois, do ċreidfeaḋ siḃ mise; óir do scríoḃ sé im’ ṫaoḃ‐sa.


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Agus nuair do ḃí gaċ niḋ do scríoḃaḋ ’n‐a ṫaoḃ cóiṁlíonta aca, do ṫógadar anuas é de’n ċroiċ, agus do ċuireadar i dtuama é.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


’gad’ ṫaḃairt slán ó’n bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, go ḃfuilim ’gad’ ċur ċuca,


Agus anois atáim im’ ṡeasaṁ annso dom’ ċionntú fá’n dóċas go gcóiṁlíonfaiḋe an ġeallaṁain ṫug Dia d’ár sinnsearaiḃ:


Agus nuair do ṡocruiġeadar leis ar lá, ṫáinig a lán aca ’n‐a lóistín ċuige; agus do ṁíniġ sé ríoġaċt Dé ḋóiḃ, ag taḃairt fiaḋnaise air, ag iarraiḋ a mbaineann le h‐Íosa do ċruṫú ḋóiḃ as reaċt Maoise agus as na fáiḋiḃ, ó ṁaidin go tráṫnóna.


Aċt anois, atá fíréantaċt Dé do foillsiġeaḋ taoḃ amuiġ de’n dliġe, an dliġe agus na fáiḋí mar ḟiaḋnaiḋṫiḃ uirṫi:


Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir:


agus gur h‐aḋlacaḋ é: agus gur aiséiriġ sé an treas lá do réir na scrioptúir;


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


Agus d’éiriġ na ciniḋeaċa feargaċ, agus ṫáinig t’ḟearg‐sa, agus tráṫ breiṫeaṁnais na marḃ, agus an tráṫ ċum a luaiġeaċt do ṫaḃairt dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe, agus do na naoṁaiḃ, agus do na daoiniḃ gur ab eagal leo t’ainm, idir ḃeag agus ṁór; agus ċum scriosadóirí na talṁan do scrios.


Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.


Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ