Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Measaim gur maiṫ an ḃail orm, a rí Agrippa, go ḃfuil orm mo ċosaint féin id’ láṫair indiu ar na neiṫiḃ go léir atá curṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ im’ leiṫ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Measaim gur méanar daṁ, a rí Agrippa, a ḃeiṫ ar tí laḃairt ar mo ṡon féin indiu i do láṫair-se, i dtaoiḃ na neiṫe sin uilig atá curṫa i mo leiṫ ag na h-Iúdaiġ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Is maiṫ an ḃail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad laṫair-se atá orm me féin a ċosaint indiu ar na neiṫiḃ seo go léir atá ag na Iúdaíġ ’á ċur am leiṫ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Mesauim gur sona mé, a rí Agrippa, ó ḃeiṫ a niúġ ċum laḃarṫa ar mo ṡon féin ad ḟíaḋnuisise sna huile neiṫiḃ ann a néiliġid na Iúdaiġe mé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:2
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt nuair ḃéarfas siad ar láiṁ siḃ, ná bíoḋ sé n‐a ċás agaiḃ cionnas laḃarfas siḃ, nó créad adéarfas siḃ: óir doḃéarfar daoiḃ, an uair sin féin, an niḋ laḃarfas siḃ.


Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ:


Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.


Ní ḟuil aon niḋ cruinn agam, áṁ, le scríoḃaḋ ċum mo ṫiġearna ’n‐a ṫaoḃ. Ar an aḋḃar sin ṫugas annso ċugaiḃ‐se é, agus ċugat‐sa, go h‐áiriṫe, a rí Agrippa, le súil go mbéiḋ rud éigin agam le scríoḃaḋ nuair ċeisteoċas tú é.


Annsin aduḃairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do ṡon féin agat. Agus do ṡín Pól amaċ a láṁ, agus do laḃair sé g‐á ṡaoraḋ féin:


Uime sin, a rí Agrippa, níor ḋiúltas do’n raḋarc neaṁḋa:


Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é.


go h‐áiriṫe go ḃfuil lán‐eolas agat ar gaċ gnáṫ‐nós agus ar gaċ ceist ḃaineas leis na h‐Iúdaċaiḃ: uime sin impiḋim ort éisteaċt go foiġdeaċ liom.


go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ