Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 A ḟosclaḋ na súl dóiḃ, ċun go dtionntuiġiḋ siad ó ḋorċadas go solus, agus ó ċuṁaċt Ṡatain ċun Dé, go ḃfaġaiḋ siad maiṫeaṁ-nas peacaiḋe, agus oiġreaċt imeasc na naoṁ tré ċreideaṁ ionnam-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Ċun a súl a osgailt dóiḃ ionus go n-iompóċaidís ó’n ndoirċeaċt ċun an tsoluis agus ó ċóṁaċt Ṡátain ċun Dé, ionus go ḃfaiġdís maiṫeaṁnaċas peacaí agus inead ameasg naoṁ tríd an gcreideam atá ionamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:18
90 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus mé d’aḋraḋ. Annsin aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ, a Ṡátain: óir atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus is dó‐san aṁáin do, ġéanaiḋ tú seirḃís.


An pobal do ḃí suiḋte i ndorċadas, do ċonnaic sé solas mór; Agus orṫa‐san do ḃí suiḋte i gcríċ scáile an ḃáis D’éiriġ an solas.


Ċum eolas ar ṡlánú do ṫaḃairt d’á ṁuinntir Tré ṁaiṫeaṁnas a bpeacaḋ,


Ag soillsiú orṫa‐san atá ’n‐a suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis; Ag seolaḋ ár gcos i sliġe na síoṫċána.


Solas ċum na Geinte do ṡoillsiú, Agus ċum glóire do ṗobail Israel.


Annsin d’ḟoscail sé a h‐inntinn dóiḃ, ċum go dtuigfidís na scrioptúirí;


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Coisric san ḃfírinne iad: is fírinne do ḃriaṫar‐sa.


Agus is í seo an ḃreiṫ, go dtáinig an solas ar an saoġal, agus gurḃ annsa leis na daoiniḃ an dorċaċt ’ná an solas; toisc a ngníoṁarṫa ḃeiṫ go h‐olc.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Dá mb’ eol duit taḃartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á ráḋ leat, Taḃair ḋom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐ḃéarfaḋ sé uisce beo ḋuit.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige.


Agus aduḃairt Íosa, Ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ṫánag‐sa ar an saoġal so, ċum go ḃfeicfiḋ siad‐san naċ ḃfeiceann, agus go ndallfar iad‐san do‐ċí.


An ḟaid atáim ar an saoġal, is mise solas an tsaoġail.


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Óir is é an t‐órdú ṫug an Tiġearna ḋúinn, Do ċuireas mar ṡolas do na Geintiḃ ṫú, Ċum go mbeiṫeá mar aḋḃar slánuiġṫe go foirimeall an doṁain.


agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


Uime sin, a rí Agrippa, níor ḋiúltas do’n raḋarc neaṁḋa:


go gcaiṫfeaḋ an Críost fulang, agus go mba é an ċéad duine é d’éireoċaḋ ó na marḃaiḃ, agus go gcraoḃscaoilfeaḋ sé an solas do’n ṗobal agus do na Cineaḋaċaiḃ.


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel.


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Ná biḋiḋ fá ċuing i n‐éinḟeaċt le luċt dí‐ċreidiṁ: óir cia an cáirdeas atá ag fíréantaċt le h‐éagcóir? nó cia an cumann atá ag an solas leis an dorċaċt?


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.


Is é rud ba ṁian liom a ċlos uaiḃ, An ó oibreaċaiḃ dliġe nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ fuair siḃ an Spiorad?


Do rinneaḋ oiḋrí ḋínne ann, ar mbeiṫ ḋúinn réaṁórduiġṫe do réir rúin an té do‐ġní gaċ niḋ do réir cóṁairle a ṫola féin:


atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire.


ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ,


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


óir is le grása do slán uiġeaḋ siḃ tré ċreideaṁ; ní uaiḃ féin é: bronntanas Dé is eaḋ é:


do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá ḋorċadas aca, iad dealuiġṫe ó’n mbeaṫaiḋ do‐ḃeir Dia, de ċionn an ainḃfeasa atá ionnta, de ċionn cruaḋais a gcroiḋe;


agus ná bíoḋ aon roinn agaiḃ le gnóṫaiḃ neaṁ‐ṫairḃeaċa an dorċadais, aċt ’n‐a ionad sin,


uime sin adeirtear, Dúisiġ, ṫusa atá id’ ċodlaḋ, Agus éiriġ as lár na marḃ, Agus soillseoċaiḋ Críost ort.


mar sin; óir do ḃíoḃar ’n‐ḃur ndorċaċt tráṫ, aċt atá siḃ anois ’n‐ḃur solas san Tiġearna: siuḃlaiḋ ar nós clainne an tsolais.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


agus ċum go ḃfuasclóċaiḋ siad iad féin slán as gaiste an diaḃail, tar a éis do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna breiṫ orṫa ċum toil Dé do ḋéanaṁ.


De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo.


Óir de ḃárr aon íoḋbarṫa aṁáin d’ḟoirḃiġ sé go deo na daoine atá naoṁuiġṫe.


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe.


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


ċum oiḋreaċta neaṁ‐ṫruailliġṫe, gan smál, naċ dtéiġeann i n‐éag, atá i n‐áiriṫe ins na flaiṫeasaiḃ daoiḃ‐se,


Óir do ḃí siḃ mar ċaoiriġ ag dul ar fán; aċt anois atá siḃ fillte ċum Aoḋaire agus ċum Easpuig ḃur n‐anmann.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


Má adṁuiġmíd ár bpeacaiḋe, atá seisean ċóṁ dílis, ċóṁ ceart sin agus go maiṫfiḋ sé ár bpeacaiḋe ḋúinn, agus go nglanfaiḋ sé ó gaċ neaṁ‐fíréantaċt sinn.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:


agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ