Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 ’gad’ ṫaḃairt slán ó’n bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, go ḃfuilim ’gad’ ċur ċuca,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Do ṡaoraḋ daṁ ó’n ṗobal, agus ó na ciniḋeaċa ċuig a ḃfuil mé do ċur anois,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 ’Gat ṫaḃairt saor ó’n bpobul agus ós na geinte na ḃfuilim ’ad ċur ċúċa anois,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Dod ṡáoraḋ on bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, ċum a ḃfuilim anois dod ċur,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:17
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.


agus ṫángadar agus d’impiḋeadar orṫa; agus tar a éis dóiḃ a dtaḃairt amaċ, d’iarradar orṫa imṫeaċt ó’n gcaṫair.


Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.


Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.


óir atáim‐se leat, agus ní ṫiocfaiḋ aoinneaċ dod’ ionnsaiġe le doċar do ḋéanaṁ ḋuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcaṫair seo.


ag iarraiḋ fáḃair ’n‐a aġaiḋ, go n‐órdóċaḋ sé a ṫaḃairt go h‐Iarúsalem; ag faire faille le n‐a ṁarḃaḋ ar an sliġe.


D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Óir is liḃ‐se, a Ċineaḋaċa, atáim ag laḃairt, san méid gur mise abstal na gCineaḋaċ, móruiġim m’oifig:


an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


ċum ar h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe, agus im’ abstal, agus im’ ṫeagascṫóir de.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ