Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 26:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 ar uair an ṁeaḋon‐lae, a rí, do ċonnacas ar an tsliġe ḋom solas ó neaṁ, ba ġile ’ná lonnraḋ na gréine, ag soillsiú im’ ṫimċeall‐sa agus i dtimċeall na ndaoine do ḃí ag taisteal i n‐éinḟeaċt liom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Ċonnaic mé ar an ḃealaċ, a rí, ag meaḋón lae solus ó neaṁ ní ba ṁó ná gile na gréine ag soillsiuġaḋ ṫart fá dtaoiḃ díom féin agus fá dtaoiḃ dá raiḃ i n-aoinḟeaċt liom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus, a rí, do ċonnac ar an sliġe i lár an lae, ag taiṫneaṁ am ṫímpal agus ṫimpal ar na daoine a ḃí le m’ċois, solas as na flaṫais agus é níos treise ná solus na gréine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Do ċunairc mé a rí a meaḋon láoi sa tsliġe solus ó neaṁ, bá mó ná soillse na gréine, noċ do ḋeallruiḋ um ṫimċeallsa agus a dtimċeall na druinge do ḃí um ḟoċair sa tsliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 26:13
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ṡoillsiġ a ġnúis ar nós na gréine, agus d’éiriġ a éadaiġe ċóṁ geal leis an solas.


Agus ṫárla, san tsliġe ḋom, agus mé ag tarraing ar Ḋamascus, tuairim uaire an ṁeaḋon‐lae, gur las im’ ṫimċeall solas an‐lonnraċ ó neaṁ.


Agus na daoine do ḃí im’ ḟoċair, giḋ go ḃfacadar an solas, ní ċualadar guṫ an té do ḃí ag laḃairt liom.


Ag dul fá ḋéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐uġdarás agus le barántas na n‐árd‐ṡagart,


Agus do ṫuiteamar uile ar an talaṁ, agus d’airiġeas an guṫ g‐á ráḋ liom san teangain Eaḃra, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ġéirleanaṁain? Is deacair ḋuit ḃeiṫ ag speaċġail i n‐aġaiḋ an ṗriocaire. Agus aduḃras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna?


Agus ag imṫeaċt dó, ṫárla go raiḃ sé ag druidim le Damascus, agus do las solas ó neaṁ go h‐obann ’n‐a ṫimċeall:


Agus do ḃí aige ’n‐a láiṁ ḋeis seaċt réaltana: agus do ḃí claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar ar síneaḋ as a ḃéal; agus do ḃí a ġnúis mar ḃéaḋ an ġrian ag lonnraḋ ’n‐a lán‐neart.


Agus ní ḟuil gáḃaḋ ag an gcaṫair leis an ngréin, ná leis an ngealaiġ ċum í do ṡoillsiú: óir soillsiġeann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ