Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 25:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus aduḃairt Pól, d’á ċosaint féin orṫa, Cionnta ar biṫ i n‐aġaiḋ dliġe na nIúdaċ, ná i n‐aġaiḋ an teampaill, ná i n‐aġaiḋ Ċéasair, ní ḋearnas‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 D’ḟreagair Pól ar a ṡon féin: Níor ċionntuiġ mé i níḋ ar biṫ i n-aġaiḋ dliġe na n-Iúdaċ, ná i n-aġaiḋ an teampaill, ná i n-aġaiḋ Ċaesair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Mar ḋein Pól iad do ḟreagairt: Ní’l coir déanta agam i n-aġaid dliġe na nIúdaċ, ná i n-aġaiḋ an teampuill, ná i n-aġaiḋ Ċaesair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ar ḃfreagra do Ṗól dá ġlanaḋ féin, Náċ dearna sé ní ar biṫ a naġaiḋ ḋliġe na Niúdaiġeaḋ, na an teampuill, na Ṡéasair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 25:8
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


agus naċ ḃfuaradar san teampall mé ag aiġneas le h‐aon duine, ná ag brostú an ṗobail ins na sionagógaiḃ, ná san gcaṫair.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


agus do ċeap sé an teampall féin do ṫruailliú: aċt rugamar‐ne air.


Aċt d’ḟreagair Pól, Atáim im’ ṡeasaṁ os ċóṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċéasair, an áit ’n‐ar ċeart breiṫ do ṫaḃairt orm: ní ḟuil éagcóir ar biṫ déanta agam i n‐aġaiḋ na nIúdaċ, mar is eol duit féin go h‐an‐ṁaiṫ.


Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,


Agus aduḃradar‐san leis, Ní ḟuaraimir‐ne litreaċa ó Iúdaea id’ ṫaoḃ, ná ní ṫáinig duine de na bráiṫriḃ annso le tuairisc nó scéalaiḃ id’ ċoinniḃ.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ