Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 25:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus tar a éis dó oċt nó deiċ lá d’ḟanaṁain ’n‐a measc, do ċuaiḋ sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋ sé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġ sé Pól do ṫaḃairt isteaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus níor ḟan sé ina measc ní ba ṁó ná oċt nó deiċ laeṫe, agus ċuaiḋ sé síos go Caesarea, agus lá ar n-a ḃáraċ, ar ṡuiḋe dó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt i láṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Níor ḟan sé ’n-a measg aċ oċt lá nú deiċ lá ’n-a ḋiaiḋ san, agus ċuaiḋ sé síos go Caesaréa agus an lá n-a ḋiaiḋ san do ṡuiḋ sé sa tribúnal agus d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt ’n-a láṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus ar nfanṁuin dó na measg tuáirim ḋeiċ lá, do ċuáiḋ sé síos go Sésárea; agus lá ar na ṁáraċ do ṡuiḋ sé ann sa ċaṫaoir ḃreiṫeaṁnuis agus do áiṫin se Pól do ṫaḃuirt a láṫuir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 25:6
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus le linn ḃeiṫ ’n‐a ṡuiḋe ḋó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, do ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’ḟulaingeas i mbrionglóid indiu mar ġeall air.


Ar n‐a ċlos sin do Ṗíoláid, ṫug sé Íosa amaċ, agus do ṡuiḋ sé síos san gcaṫaoir breiṫeaṁnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEaḃrais.


Nuair ṫáinig Féstus isteaċ san ṗroiḃinnse, tar éis trí lá ċuaiḋ sé suas ó Ċéasaria go h‐Iarúsalem.


Aċt d’ḟreagair Pól, Atáim im’ ṡeasaṁ os ċóṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċéasair, an áit ’n‐ar ċeart breiṫ do ṫaḃairt orm: ní ḟuil éagcóir ar biṫ déanta agam i n‐aġaiḋ na nIúdaċ, mar is eol duit féin go h‐an‐ṁaiṫ.


Uime sin, ar ḃeiṫ ḋóiḃ i gceann a ċéile annso, ní ḋearnas aon ṁoill, aċt an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋeas i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġeas an fear do ṫaḃairt i láṫair.


D’ḟreagair Féstus, áṁ, go raiḃ Pól fá ċoiṁéad i gCéasaria, agus go raiḃ faoi dul ann go luaṫ.


Uime sin, aduḃairt sé, na daoine go ḃfuil sé ar a gcumas, téiġidís síos i n‐éinḟeaċt liom, agus má tá cionnta ar biṫ san ḃfear, cuiridís ’n‐a leiṫ í.


Aċt fríṫ Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseaċt tríd na bailtiḃ ḋó, do ċraoḃscaoil sé an soiscéal dóiḃ go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.


Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad.


Aċt is aṁlaiḋ ṫugaḃar easonóir do’n duine boċt. Naċ iad na daoine saiḋḃre do‐gní leaṫtrom oraiḃ, agus naċ iad féin ṫarraingeas isteaċ i dtiġ na cúirte siḃ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ