Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 25:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Uime sin, aduḃairt sé, na daoine go ḃfuil sé ar a gcumas, téiġidís síos i n‐éinḟeaċt liom, agus má tá cionnta ar biṫ san ḃfear, cuiridís ’n‐a leiṫ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Ar an aḋḃar sin, (deir sé) téiġeaḋ cib é agaiḃ, ar féidir dóiḃ é, síos i n-aoinḟeaċt liom, agus má tá coir ar biṫ san ḟear, cuireaḋ siad ma leiṫ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus, ar seisean, na daoine ar ḃúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n-aonḟeaċt liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n-a leiṫ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Uime sin, ar seisean, giḋ bé aguiḃsi ḟéudfus é, teaġuid síad a náoinḟeaċd rinne síos, agus má tá olc ar biṫ ann sa ḃfearso, éiliġid siad é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 25:5
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt nuair do ḃí Pól ag tosnú ar laḃairt, aduḃairt Gallió leis na h‐Iúdaċaiḃ, Dá mba ceist éagcóra nó cuirpṫeaċta é, a Iúdaċa, ba ċeart go dtiuḃrainn éisteaċt daoiḃ:


Agus nuair fuaras fios scéil go mbéaḋ luiġeaċán aca do’n duine, do ċuireas ċugat‐sa é ar an láṫair, g‐á ráḋ le n‐a éiliġṫeoiriḃ an ċúis atá aca air do ṗléiḋe róṁat‐sa.


Féadfair, aċt ceisteanna do ċur air, eolas d’ḟáġáil ar na neiṫiḃ atá againne d’á gcur ’n‐a leiṫ.


D’ḟreagras dóiḃ, naċ é nós na Rómánaċ duine ar biṫ do ṫaḃairt ċum breiṫeaṁnais gan an duine a cionntuiġṫear agus luċt a ċionntuiġṫe ḃeiṫ ar aon í áṫair le ċéile, agus caoi do ṫaḃairt dó le n‐a ċosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leiṫ.


Aċt ní ḟuaras coir ar biṫ ann do ṫuill bás; agus ó ċuir sé é féin fá ċoimirce an impire, do ṡocruiġeas ar a ċur ċuige.


D’ḟreagair Féstus, áṁ, go raiḃ Pól fá ċoiṁéad i gCéasaria, agus go raiḃ faoi dul ann go luaṫ.


Agus tar a éis dó oċt nó deiċ lá d’ḟanaṁain ’n‐a measc, do ċuaiḋ sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋ sé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġ sé Pól do ṫaḃairt isteaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ