Gníoṁarṫa 25:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)11 Má tá cionnta déanta agam, agus má ta éinniḋ ṫuilleas bás déanta agam, ní ḟuilim ag diúltaḋ do’n ḃás: aċt muna ḃfuil an ḟírinne i n‐éinniḋ de’n méid atá aca d’á ċur im’ leiṫ, ní ḟuil ar ċumas d’aon duine mo ṫaḃairt suas dóiḃ. Téiġim ar ċoimirce Ċéasair. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)11 Óir má rinne mé éagcóir ar biṫ, nó aon níḋ a ṫuillfeaḋ bás, ní ḋiúltaim do’n ḃás: aċt munab aṁlaiḋ aon níḋ de na neiṫe a ċuireas siad seo i mo leiṫ, ní féidir d’aoinneaċ mé ṫaḃairt suas dóiḃ: téiġim faoi ċoimirce Ċaesair. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)11 Má tá coir déanta agam, ná aon níḋ do ṫuillfeaḋ ḃás, ní’l aon ċur i gcoinniḃ an ḃáis agam; aċ mura ḃfuil aon níḋ aṁlaiḋ, de sna neiṫiḃ seo atá acu á ċur am leiṫ. ní’l ar ċumas aon duine me ṫaḃairt suas dóiḃ. Gairmim Caesar. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)11 Oír má rinne mé éugcóir ar boṫ ná éainní do ṫuill bás, ní ḃfuilim ag díultaḋ bás dfaġáil: giḋeaḋ muna ndearna mé áoinné do na neiṫiḃsi éiliġid síad oram, ní ḟéudann áonduine mo ṫíoḋlacaḋ ḋóiḃ. Tíaġuim ar ċomairce Ṡéasair. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |