Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 25:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Nuair ṫáinig Féstus isteaċ san ṗroiḃinnse, tar éis trí lá ċuaiḋ sé suas ó Ċéasaria go h‐Iarúsalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫáinic Festus go dtí an cúige, ċuaiḋ sé suas i gcionn ṫrí lá go h-Ierusalem ó Ċaesarea.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Trí lá tar éis teaċt d’ Ḟéstus sa ċeanntar ċuaiḋ sé suas ó Ċaesaréa go Ierúsalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus an tan ṫáinic Festus don ṗroḃinnsi, do ċúaiḋ sé a gcionn ṫrí lá na ḋíaiġ sin ó Ṡéasareá súas go Hiarusalém.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 25:1
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar ndul i dtír ḋó i gCéasaria, do ċuaiḋ sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin ċuaiḋ sé síos go h‐Antuaiġ.


Agus tar éis na laeṫe sin, do ċuireamar gaċ uile niḋ le ċéile, agus do ċuamar suas go h‐Iarúsalem.


Agus nuair ḃí an litir léiġte aige, d’ḟiafruiġ sé cia an ṗroiḃinnse arḃ as é; agus nuair do ṫuig sé gurḃ as Cilicia ḋó,


Aċt nuair ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe, ṫáinig Porcius Féstus i n‐ionad Ḟéilics; agus le sásaṁ do ṫaḃairt do na h‐Iúdaċaiḃ, d’ḟág Ḟéilics Pól fá ċeangal.


Roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig an rí Agrippa agus Bernicé go Céasaria, le fáilte do ċur roiṁ Ḟéstus.


D’ḟreagair Féstus, áṁ, go raiḃ Pól fá ċoiṁéad i gCéasaria, agus go raiḃ faoi dul ann go luaṫ.


Uime sin, aduḃairt sé, na daoine go ḃfuil sé ar a gcumas, téiġidís síos i n‐éinḟeaċt liom, agus má tá cionnta ar biṫ san ḃfear, cuiridís ’n‐a leiṫ í.


Agus tar a éis dó oċt nó deiċ lá d’ḟanaṁain ’n‐a measc, do ċuaiḋ sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋ sé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġ sé Pól do ṫaḃairt isteaċ.


Aċt fríṫ Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseaċt tríd na bailtiḃ ḋó, do ċraoḃscaoil sé an soiscéal dóiḃ go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ