Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 24:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig Féilics i n‐éinḟeaċt le n‐a ṁnaoi Drúsilla, bean Iúdaċ, agus do ċuir sé fios ar Ṗól, agus d’éist sé leis ag laḃairt ar an gcreideaṁ i gCríost Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus i gcionn seal laeṫe, ṫáinic Felics, mar aon le n-a ṁnaoi, Drusilla, arḃ Iúdaċ í, agus ċuir siad fá ċoinne Ṗoil, gur ċuala uaiḋ fá’n ċreideaṁ atá i gCríost Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ansan, tar éis suim laeṫanta, ṫáinig Féilics agus a ḃean, Drúsilla, — Iúdaċ aḃ eaḋ í, — agus ġlaoiḋ sé ċuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaiḋ ar an gcreideaṁ atá i n-Íosa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus a gcionn laeṫeaḋ áiriġe, ar mbeiṫ do Ḟélics maille ré na ṁnáoi Drusilla, noċ do ḃí na Iúdaiġe a laṫair, do ċuir sé fios ar Ṗól, agus do éisd sé ris a dtimċeall an ċreidiṁ a Gcríosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 24:24
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Agus do ḃí fonn air a ḟeicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor ḟéad sé mar ġeall ar an sluaġ, mar fear beag íseal do b’eaḋ é.


Agus nuair do ċonnaic Ioruaṫ Íosa, do ḃí an‐áṫas air: óir do b’ḟada do ḃí sé ag súil le n‐a ḟeicsin, de ḃriġ go gcuala sé tráċt air; agus do ḃí súil aige go ḃfeicfeaḋ sé míorḃail éigin d’á déanaṁ aige.


Agus aduḃradar‐san, Creid san Tiġearna Íosa, agus saorfar ṫú ḟéin agus do ṫeaġlaċ.


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


Aċt, ó fuaras an ċaḃair ṫagas ó Ḋia, táim im’ ṡeasaṁ go dtí an lá so, ag taḃairt fiaḋnaise do ḃeag agus do ṁór, gan rud ar biṫ a ráḋ aċt an méid aduḃairt na fáiḋe agus Maois do ḃeiṫ le teaċt;


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Is é rud ba ṁian liom a ċlos uaiḃ, An ó oibreaċaiḃ dliġe nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ fuair siḃ an Spiorad?


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.


Annso is eaḋ atá foiġid na naoṁ, luċt ċoiṁeádta aiṫeanta Dé agus creidiṁ Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ