Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 24:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt Féilics, ag a raiḃ eolas ní ba ċruinne i dtaoḃ na Sliġe, do ċuir sé ar aṫlá iad, g‐á ráḋ, Nuair ṫiocfas Lusias, an t‐árd‐ċaiptín, anuas, do‐ġéanad breaṫnú ar ḃúr gcúis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ċuir Felics ar aṫlá iad, óir ba ró-ṁaiṫ a ḃí fios na sliġe seo aige, agus duḃairt: Nuair a ṫiocfas Lisias, an ceann feaḋain, anuas, éistfiḋ mé liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan do ċuir Féilics ar cáirde iad, óir do ṫuig sé go cnuinn i dtaoḃ na sliġe sin agus duḃairt sé: Nuair a ṫiocfaiḋ Lusias, an tribiún, anuas éistfead liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus mar do ċúaluiḋ Félics na neiṫesi, dó ċuir sé ar aṫlá íad, ag ráḋ, A núair do ġéuḃa mé fios na neiṫeaḋ ḃeanus ris a tsliġese ní as fearr, an tan ṫiocfas Lísias an tuaċdarán a núas, cuirfiḋ mé ḃur gcúis a gcríċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 24:22
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ġlaoḋ Ioruaṫ na draoiṫe ós íseal ċuige, agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánaḋ an réalta ḋóiḃ.


Agus nuair d’iarradar air fanaṁain ní b’ḟuide, níor ṫoiliġ sé ċuige;


Óir is baoġal dúinn go gcuirfear ’n‐ár leiṫ toirmeasc an lae indiu, gan aon aḋḃ r ḃeiṫ leis, agus gan ar ċumas dúinn cunntas do ṫaḃairt ar an gcruinniú so.


Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaġlóir ar Ṗól laḃairt, d’ḟreagair sé, Ó’s eol dom go ḃfuilir‐se id’ ḃreiṫeaṁ ar an náisiún so le bliaḋantaiḃ fada, tá meisneaċ orm agus mé ag laḃairt ar mo ṡon féin.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Agus roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig Féilics i n‐éinḟeaċt le n‐a ṁnaoi Drúsilla, bean Iúdaċ, agus do ċuir sé fios ar Ṗól, agus d’éist sé leis ag laḃairt ar an gcreideaṁ i gCríost Íosa.


agus do ċeap sé an teampall féin do ṫruailliú: aċt rugamar‐ne air.


Ní ḟuil aon niḋ cruinn agam, áṁ, le scríoḃaḋ ċum mo ṫiġearna ’n‐a ṫaoḃ. Ar an aḋḃar sin ṫugas annso ċugaiḃ‐se é, agus ċugat‐sa, go h‐áiriṫe, a rí Agrippa, le súil go mbéiḋ rud éigin agam le scríoḃaḋ nuair ċeisteoċas tú é.


go h‐áiriṫe go ḃfuil lán‐eolas agat ar gaċ gnáṫ‐nós agus ar gaċ ceist ḃaineas leis na h‐Iúdaċaiḃ: uime sin impiḋim ort éisteaċt go foiġdeaċ liom.


agus d’iarr sé air liṫreaċa do ṫaḃairt dó ċum na sionagóg i nDamascus, ċum, dá ḃfaiġeaḋ sé aon duine, fear nó bean de’n tSliġe seo, go dtiuḃraḋ sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ