Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 24:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus san níḋ seo ḃeirim iarraiḋ de ṡíor coinsias a ḃeiṫ agam naċ gcionntuiġeann i n-aġaiḋ Dé ná daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Táim féin ag déanaṁ mo ḋíċill air seo, mo ċoínsias a ċimeád glan i gcóṁnuiġe ċun Dé agus ċun daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Is ar a ṡon so ṡáoṫruiġim coinsías glan do ḃeiṫ agam, gaċ uile úair a dtáoḃ Dé, agus dáoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 24:16
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


de ċionn go noċtann siad briġ an dliġe ḃeiṫ scríoḃṫa ar a gcroiḋeaċaiḃ, a gcoinsias mar ḟiaḋnaiḋe ḋóiḃ, agus a smaointe g‐á gcionntú,


Adeirim an ḟírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo ċoinsias ag déanaṁ fiaḋnaise ḋom tríd an Spiorad Naoṁ,


Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé


Óir ní fios dom éinniḋ im’ ċoinniḃ féin; aċt ní ḟíréanuiġeann sin mé: óir is é an Tiġearna ḃeireas breiṫeaṁnas orm.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Is fiaḋnaiḋṫe siḃ‐se, agus is fiaḋnaiḋe Dia, leis, ar a naoṁṫaċt, agus ar a ionnraice, agus ar a neaṁ‐loċtaiġe d’iomċaramar sinn féin ’n‐ḃur dtaoḃ‐na ċreideas:


ag coiṁeád an ċreidiṁ agus consiais ṁaiṫ; rud atá tréigṫe ag daoiniḃ áiriṫe go ḃfuil long‐ḃriseaḋ déanta de’n ċreideaṁ aca.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


ag coiṁeád rúindiaṁaire an ċreidiṁ i gcoinsias glan.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


Is glan gaċ niḋ do’n dream atá glan: aċt ní glan éinniḋ do’n dream neaṁ‐ġlan, díċreidṁeaċ; aċt atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truailliġṫe.


druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce:


Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe.


naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?


Óir is maiṫ an niḋ é, má ḟoiḋniġeann duine le doġrainn ar son Dé, ag fulang san éagcóir.


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ