Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 23:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus do ṗreab cuid de scríoḃaiḋṫiḃ na ḃFairisíneaċ ’n‐a seasaṁ, agus do laḃradar go colgaċ, g‐á ráḋ, Ní ḟaiġmíd‐ne olc ar biṫ san duine seo: agus má laḃair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar ġeall air?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus d’éiriġ callán mór ann. Agus d’éiriġ cuid de na Fairisíniġ a ṫaḃairt caṫa, agus duḃairt: Ní ḟaġamuid olc ar bit san duine seo: cad é, má laḃair spiorad, nó aingeal leis?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ansan d’éiriġ collóid ṁór. Do ṗreab cuid de sna Fairisíniġ ’n-a seasaṁ agus ḃiodar ag aiġneas agus deiridís: Ní ḃfaiġmíd aon olc sa duine seo. Má laḃair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ar a naḋḃarsin do tógḃaḋ gáir ṁór: agus ar néirġe do na sgríobuiḋiḃ do ṫáoḃ na Ḃṗairisíneaċ, do ċaṫaiġeadar na naġaiḋsean, agus a duḃradar, Ní ḟaġmáoidne olc ar biṫ sa nóglaċsa: aċd má laḃair spiorad nó aingeal ris, na caṫuiġeamne a naġaiḋ Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 23:9
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ċonnaic scríoḃaiḋṫe na ḃFairisíneaċ é ag ċaiṫeaṁ biḋ i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ, aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Atá sé ag iṫe agus ag ól i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ.


Agus aduḃairt sé leo an treas uair, Cad ċuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní ḟuaras‐sa aon ċúis báis ann: smaċtóċad é, d’á ḃriġ sin, agus scaoilfead saor é.


Agus aduḃairt Píoláid le h‐uaċtaránaiḃ na sagart, Ní ḟaiġim aon loċt sa duine seo.


Agus do ḃí na Fairisíniġ agus a scríoḃaiḋṫe ag ceasaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cad ċuige ḋaoiḃ‐se ḃeiṫ ag ól agus ag iṫe i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ?


Agus an sluaġ do ḃí ’n‐a seasaṁ annsin, nuair do‐ċualadar é, aduḃradar gur tóirneaċ do ḃí ann: aduḃairt cuid eile, Aingeal do laḃair leis.


D’á ḃriġ sin, má ṫug Dia ḋóiḃ‐sean an bronntanas céadna tugaḋ ḋúinne, nuair do ċreideamar san Tiġearna Íosa Críost, cia’rḃ é mise go ḃféadfainn cosc do ċur le Dia?


Agus ṫárla, san tsliġe ḋom, agus mé ag tarraing ar Ḋamascus, tuairim uaire an ṁeaḋon‐lae, gur las im’ ṫimċeall solas an‐lonnraċ ó neaṁ.


Agus do ṫuiteas ar an talaṁ, agus do‐ċualas an guṫ g‐á ráḋ liom, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ géirleanaṁain?


annsin do ṫuigeas gur ceisteanna ḃaineas le n‐a ndliġe féin do ḃí san ċúis, aċt naċ raiḃ rud ar biṫ do ṫuill bás ná braiġdeanas d’á ċur ’n‐a leiṫ.


Óir adeir na Saddúicíniġ naċ ḃfuil aiséirġe ann, ná aingeal, ná spiorad: aċt adṁuiġeann na Fairisíniġ iad uile ḃeiṫ ann. Agus annsin d’éiriġ callán mór:


Aċt ní ḟuaras coir ar biṫ ann do ṫuill bás; agus ó ċuir sé é féin fá ċoimirce an impire, do ṡocruiġeas ar a ċur ċuige.


agus nuair ḃí siad i leaṫtaoiḃ, do laḃradar le ċéile, g‐á ráḋ, Ní ḟuil an fear so ag déanaṁ dadaiṁ ṫuilleas bás ná cuiḃreaċa.


Óir do ṡeas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirḃís,


aċt má’s ó Ḋia é, ní ḃéiḋ ar ċumas daoiḃ a ċur ar ceal; ar eagla gur ag cur i gcoinniḃ Dé do ḃéaḋ siḃ.


agus do ṫuit sé ċum na talṁan, agus d’airiġ sé an guṫ g‐á ráḋ leis, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ġéirleanṁain?


Nó an ḃfuilmíd ag brostú an Tiġearna ċum éada, an treise sinne ’ná eisean?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ