Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 23:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ó ḃí a ḟios ag Pól go raiḃ cuid acu ina Sadducaiġ, agus an ċuid eile ina ḃFairisíniġ, scairt sé amaċ san ċóṁairle: A ḟeara, agus a ḃráiṫre, is Fairisíneaċ, agus mac le Fairisíniġ mise: is fá ḋóċas agus fá eiséirġe na marḃ atáṫar mo ċeistuiġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Aċ ḃí ’ḟios ag Pól gur de sna Saddúcíniġ cuid acu agus gur de sna Fairisíniġ an ċuid eile, agus duḃairt sé go h-árd: A ḃráiṫre, Fairisíneaċ iseaḋ mise, mac Fairisíniġ. Is mar ġeall ar ṡúil le h-aiseiriġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus ar na ṫuigsin do Ṗól go raiḃ cuid aca na Saduċíneaċuiḃ, agus an ċuid eile na Ḃṗairisíneaċuiḃ, do éiġ sé a laṫair na coṁairle, A ḋáoine agus a ḃráiṫreaċa, as Ṗairisineaċ misi, ṁac Ṗairisiniġ: fá ṡúil do ḃeiṫ agam ré heiseirġe na marḃ atáim dom éiliuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 23:6
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.


An lá céadna sin ṫáinig ċuige Saddúicíniġ, daoine adeir naċ ḃfuil aiséirġe ann:


Aċt nuair do ċonnaic sé mórán de na Fairisíneaċaiḃ agus de na Saddúcíneaċaiḃ ag teaċt ċum baiste d’ḟáġáil uaiḋ, aduḃairt sé leo‐san: A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair orṫaiḃ‐se teiċeaṫ ó’n díḃḟeirg atá le teaċt?


Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:


Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.


Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an árd‐ṡagart, agus ar na seanóiriḃ go léir: ó n‐a ḃfuaras litreaċa ċum na mbráiṫreaċ, agus do ḃíos ar mo ḃealaċ go Damascus, ċum iad‐san do ḃí ann do ṫaḃairt ceangailte go h‐Iarúsalem, ċum peannaid d’ḟáġáil annsin.


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Anois, d’á ḃriġ sin, cuireaḋ siḃ‐se agus an árd‐ċóṁairle scéala ċum an árd‐ċaiptín g‐á iarraiḋ air a ṫaḃairt ċugaiḃ, fá mar ba ṁian liḃ eolas níos cruinne d’ḟáġáil ’n‐a ṫaoḃ: agus atáimíd‐ne ullaṁ le n‐a ṁarḃaḋ, sara dtiocfaiḋ sé i láṫair.


Agus aduḃairt seisean, Atá ceapṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ a iarraiḋ ort Pól do ṫaḃairt amaċ ċum na h‐árd‐ċóṁairle amáraċ, fá mar ba ṁian leat fios scéil níos cruinne d’ḟáġail ’n‐a ṫaoḃ Aċt ná h‐éist leo:


Ar n‐a ráḋ sin dó, d’éiriġ aiġneas idir na Fairisíniġ agus na Saddúicíniġ: agus ḃí deaġailt san gcóṁ‐ċruinniú.


agus go ḃfuil muiniġin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaiḋ aiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁ‐ḟíréan.


muna mbéaḋ an t‐aon ḟocal aṁáin do ġlaoḋas amaċ agus mé im’ ṡeasaṁ ’n‐a measc, Is é aiséirġe na marḃ an ċeist go ḃfuil breiṫ ’n‐a taoḃ d’á taḃairt orm os ḃúr gcóṁair indiu.


Ar an aḋḃar sin ṫugas cuireaḋ ḋaoiḃ go ḃfeicfeaḋ siḃ mé agus go laḃarfainn‐se liḃ: óir is ar son dóċais Israel atáim ceangailte leis an slaḃraḋ so.


mise do timċeall‐ġearraḋ an t‐oċtṁaḋ lá, do ṡíolruiġ ó ṫreiḃ Ḃeniamín, Eaḃraiḋeaċ ṫáinig ó Eaḃraiḋiḃ; i dtaoḃ na dliġe im’ Ḟairsíneaċ;


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


dóċas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongṁálta, mar téiġeann sé isteaċ san naoṁ‐áit taoḃ ṫiar de’n ḃrat;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ