Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 23:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Éistfead le n‐a ḃfuil le ráḋ agat, aduḃairt sé, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfas siad‐san go ḃfuil cúis aca ort: agus d’órduiġ sé a ċur fá ċoiṁéad i bpálás Ioruaiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Duḃairt sé: Éistfiḋ mé leat, nuair a ṫiocfas luċt do ċionntuiġṫe. Agus d’órduiġ sé é a ċongḃáil i gcúirt Ioruaid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Éistfead leat. ar seisean, nuair a ṫiocfaiḋ an ṁuinncir atá ag cur ad leiṫ. Agus d’órduiġ sé é ċur fé ċimeád i gcúirt Héróid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 A duḃairt sé, Eisdfiḋ mé riot, an tan ṫiocfuid luċd ṫéiliġṫe mar an gcéudna. Agus do áiṫin sé eisean do ċoiṁéud a gcúirt Ióruáiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 23:35
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair rugaḋ Íosa i mBeiṫil Iúdaea, i laeṫiḃ an ríoġ Ioruaṫ, ṫáinig draoiṫe ó’n doṁan ṫoir go h‐Iarúsalem,


Annsin, nuair do ċonnaic Ioruaṫ gur ṁeall na draoiṫe é, do bí sé le cúṫaċ, agus do ċuir sé amaċ scriosairí, agus do ṁarḃ sé a raiḃ de ċlannṁac ḋá ḃliaḋain nó fá n‐a ḃun i mBeiṫil agus san dúṫaiġ do ḃain léi, de réir an ama d’innis na draoiṫe ḋó.


Aċt nuair do‐ċuala an rí Ioruaṫ sin, ṫáinig buaiḋreaḋ air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, ċóṁ maiṫ.


Annsin rug saiġdiúirí an riaġaltóra Íosa leo isteaċ sa bpálás, agus do ċruinnuiġeadar ċuige an ḃuiḋean iomlán.


Do ṫreoruiġeadar Íosa annsin ó Ċáiafas isteaċ sa bPraetorium; agus do ḃí moċ na maidne ann; agus ní ḋeaċadar féin isteaċ sa bPraetorium ċum naċ dtruailleoċaiḋe iad, aċt go n‐íosfaidís an ċáisc.


Agus nuair fuaras fios scéil go mbéaḋ luiġeaċán aca do’n duine, do ċuireas ċugat‐sa é ar an láṫair, g‐á ráḋ le n‐a éiliġṫeoiriḃ an ċúis atá aca air do ṗléiḋe róṁat‐sa.


Agus i gcionn cúig lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig an t‐árd‐ṡagart Ananias anuas mar aon le cuid de na seanóiriḃ, agus le cainnteoir darḃ ainm Tertullius; agus do ċuireadar an ċúis: gcoinniḃ Ṗóil i dtuigsin do’n árd‐riaġlóir.


Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaġlóir ar Ṗól laḃairt, d’ḟreagair sé, Ó’s eol dom go ḃfuilir‐se id’ ḃreiṫeaṁ ar an náisiún so le bliaḋantaiḃ fada, tá meisneaċ orm agus mé ag laḃairt ar mo ṡon féin.


aċt aṁáin go raiḃ roinnt Iúdaċ ó’n Áise — go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ annso id’ láṫair, agus mo ċionntú, má tá aon rud aca le cur im’ leiṫ.


Aċt Féilics, ag a raiḃ eolas ní ba ċruinne i dtaoḃ na Sliġe, do ċuir sé ar aṫlá iad, g‐á ráḋ, Nuair ṫiocfas Lusias, an t‐árd‐ċaiptín, anuas, do‐ġéanad breaṫnú ar ḃúr gcúis.


Agus d’órduiġ sé do’n ċeanntúir a ċoiṁéad, agus roinnt saoirse do ṫaḃairt dó: gan aon duine d’á ċáirdiḃ do ċosc ar ṡócaṁal do ḋéanaṁ ḋó.


D’ḟreagras dóiḃ, naċ é nós na Rómánaċ duine ar biṫ do ṫaḃairt ċum breiṫeaṁnais gan an duine a cionntuiġṫear agus luċt a ċionntuiġṫe ḃeiṫ ar aon í áṫair le ċéile, agus caoi do ṫaḃairt dó le n‐a ċosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leiṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ