Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 23:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus aduḃairt seisean, Atá ceapṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ a iarraiḋ ort Pól do ṫaḃairt amaċ ċum na h‐árd‐ċóṁairle amáraċ, fá mar ba ṁian leat fios scéil níos cruinne d’ḟáġail ’n‐a ṫaoḃ Aċt ná h‐éist leo:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus duḃairt seisean: Tá socair ag na h-Iúdaiġ iarraiḋ ort-sa Pól a ṫaḃairt amaċ ċun na cóṁairle i mbáraċ, aṁail agus dá mbéaḋ siad ar tí tuairisc éigin níos iomláine air a ċuartuġaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus duḃairt seisean: Tá socair ag na Iúdaíġ ar a iarraiḋ ort Pól do ċur ag triall orṫa amáireaċ, ċun na cóṁairle, mar ḋ’eaḋ go dteastuiġeann uaṫa é ċeistiú níos géire ar níḋ éigin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus a duḃairt an tógánaċ, Do rinneadar na Iúduiġe do ċoiṁairle a íarraiḋ ortsa Pól do ṫaḃuirt amċ a máraċ ċum an ċoiṁṫionóil, mar do ḃeidís ar tí a ċéasduġa níos géire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 23:20
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Agus rug an t‐árd‐ċaiptín ar láiṁ air, agus d’imṫiġ sé leis i leaṫtaoiḃ, agus aduḃairt, Créad é seo atá agat le n’innsin dom?


Agus nuair fuaras fios scéil go mbéaḋ luiġeaċán aca do’n duine, do ċuireas ċugat‐sa é ar an láṫair, g‐á ráḋ le n‐a éiliġṫeoiriḃ an ċúis atá aca air do ṗléiḋe róṁat‐sa.


Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ