Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 23:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus an oiḋċe ina ḋiaiḋ sin, ṡeasuiġ an Tiġearna ag a ṫaoiḃ, agus duḃairt: Bíoḋ misneaċ agat: óir mar rinne tú fiaḋnaise daṁ i n-Ierusalem, is mar sin is, éigean duit fiaḋnaise a ḋéanaṁ fosta san Róiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 An oiḋċe ’n-a ḋiaiḋ san do ṡeasaiṁ an Tiġearna láiṁ leis agus duḃairt se: Bí seasaṁaċ! Fé mar atá fiaḋnuise déanta agat ormsa i n-Ierúsalem caiṫfir fiaḋnuise déanaṁ orm sa Róiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a noiḋċe na ḋiáiġ sin do ṡeas an Tiġearna láiṁ ris, agus a duḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, a Ṗóil: óir do réir mar do rinne tú fíaḋnuisi am ṫimċeallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíaḋnuisi ḋéunaṁ sa Róiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 23:11
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do laḃair Íosa leo ar an láṫair, agus aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ; is mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.


g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.


Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.


Ní ḟágfad ’n‐ḃúr ndílleaċtaiḃ siḃ; tiocfad ċugaiḃ.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


Agus aduḃairt an Tiġearna le Pól i n‐aisling na h‐oiḋċe, Ná bíoḋ eagla ort, aċt laḃair gan do ḃéal do ċosc:


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Óir is é adeir Dáiḃi ’n‐a ṫaoḃ, Do ċonnacas an Tiġearna i gcóṁnaiḋe ar m’ḟiaḋnaise róṁam; Óir atá sé ar mo ḋeis, ċum naċ gcorróċaiḋe mé:


Agus féaċ, anois, atáim ag dul fá ċeangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a ḟios agam créad atá i ndán dom annsin:


Óir béiḋ tú id’ ḟiaḋnaiḋe ḋó i láṫair na ndaoine go léir, ar a ḃfacais agus ar a gcualais.


agus go ḃfacas é g‐á ráḋ liom, Brostuiġ ort, agus imṫiġ go luaṫ as Iarúsalem: óir ní ġlacfaiḋ siad do ṫeistiméireaċt im’ ṫaoḃ.


Naċ ḃfuilim‐se saor? Naċ abstal mise? Naċ ḃfacas‐sa Íosa ár dTiġearna? Naċ siḃ‐se toraḋ mo ṡaoṫair san Tiġearna?


ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm;


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ