Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 23:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ag dearcaḋ do Ṗól ar an ċóṁairle, duḃairt sé: A ḟeara, agus a ḃráiṫre, rinne ṁise seirḃís do Ḋia le coinsias ṁaiṫ ar fad go dtí an lá indiu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 D’ḟéaċ Pól ar an gcóṁairle agus duḃairt sé: A ḟeara, a ḃráiṫre, tá mo ġnó déanta agamsa i ngaċ deaġ-ċoínsias, i dtaoḃ Dé, go dtí an lá so indiu againn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar ngérḟéaċuin do Ṗól, ar an gcoṁairle, a duḃairt sé, A ḋáoine agus a ḃráiṫreaċa, do rinne misi seirḃís do Ḋía an gaċ uile ċoinsías ṁaiṫ gus an lá a niuġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 23:1
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ leis an gcosnaṁ atá agam d’á ḋéanaṁ ḋaoiḃ anois.


Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.


Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an árd‐ṡagart, agus ar na seanóiriḃ go léir: ó n‐a ḃfuaras litreaċa ċum na mbráiṫreaċ, agus do ḃíos ar mo ḃealaċ go Damascus, ċum iad‐san do ḃí ann do ṫaḃairt ceangailte go h‐Iarúsalem, ċum peannaid d’ḟáġáil annsin.


Anois, d’á ḃriġ sin, cuireaḋ siḃ‐se agus an árd‐ċóṁairle scéala ċum an árd‐ċaiptín g‐á iarraiḋ air a ṫaḃairt ċugaiḃ, fá mar ba ṁian liḃ eolas níos cruinne d’ḟáġáil ’n‐a ṫaoḃ: agus atáimíd‐ne ullaṁ le n‐a ṁarḃaḋ, sara dtiocfaiḋ sé i láṫair.


Agus aduḃairt seisean, Atá ceapṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ a iarraiḋ ort Pól do ṫaḃairt amaċ ċum na h‐árd‐ċóṁairle amáraċ, fá mar ba ṁian leat fios scéil níos cruinne d’ḟáġail ’n‐a ṫaoḃ Aċt ná h‐éist leo:


Annsin, mar ba ṁian liom a ḟios ḃeiṫ agam créad do ḃí aca d’á ċur ’n‐a leiṫ, ṫugas síos ċum a n‐árd‐ċóṁairle féin é:


Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.


Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.


Agus do ḃí súile a raiḃ san árdċóṁairle ag dearcaḋ go grinn air, agus do ċonnacadar a ġnúis mar ḃéaḋ gnúis aingil.


Óir ní fios dom éinniḋ im’ ċoinniḃ féin; aċt ní ḟíréanuiġeann sin mé: óir is é an Tiġearna ḃeireas breiṫeaṁnas orm.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe.


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ