Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 22:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’ḟreagras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé liom, Is mise Íosa Nasarḋa atá agat d’á ġéirleanaṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus d’ḟreagair mise: Cé tú féin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé liom: Is mise Íosa as Nasair, a ndéan tusa géirleanaṁaint orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus duḃairt sé liom: Mise Íosa Nasareit atá agat d’á ġéarleanṁaint.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ḟreaguir misi, Cia ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seisean rium, As misi Iósa Nasarḋa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 22:8
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Annsin freagróċaiḋ seisean, g‐á ráḋ, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó’s rud é naċ ndearnaḃar é d’aoinneaċ de na daoiniḃ seo is suaraiġe, naċ ndearnaḃar daṁ‐sa é.


Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḋéanfainn sin, a Ṫiġearna; óir éinniḋ coitċeann ná neaṁ‐ġlan níor iṫeas riaṁ.


Agus do ṫuiteas ar an talaṁ, agus do‐ċualas an guṫ g‐á ráḋ liom, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ géirleanaṁain?


Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa.


Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


Oir do‐ċualamar é g‐á ráḋ, go scriosfaiḋ an t‐Íosa Nasarḋa so an áit seo, agus go n‐aṫróċaiḋ sé na cleaċta ṫug Maois dúinn.


Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ